Antashubstaint mhonaclónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Antashubstaint íon a tháirgtear i dtoirt trí mheáin shaorga inniu. Baintear feidhm as a leithéid i gcóireáil galar ar leith (mar shampla, ailsí ar leith) agus taighde eolaíoch. Táirgtear í trí ainmhí a imdhíonú le hantaigin ar leith. Cruthaíonn limficítí an ainmhí antashubstaintí i gcoinne na hantaigine sin, agus táthaítear iad le cealla mialóma (siada B-limficíte) chun cealla hibrideacha a tháirgeadh. Iolraíonn na cealla seo go tapa agus táirgeann méid mór antashubstainte.