Antóin de Nais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iománaí is ea Antóin de Nais (Anthony Nash as Béarla). As Ceann Toirc, baile i gContae Chorcaí, dó agus imríonn sé le foireann a chontae. Is cúl báire é.

Rugadh de Nais i gCeann Toirc i 1985. Fuair sé a oideachas sa cheantar áitiúil agus in Institiúd Teicneolaíochta Chorcaí. D’imir sé i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann den chéad uair sa bhliain 2007.