Ancaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ancaire

Feiste chun bac a chur ar long nó soitheach eile imeacht gan treo. Tochlaíonn bois nó géaga an ancaire isteach i ngrinneall na farraige, ag gníomhú i gcoinne tarraingthe cothrománaí. Bíonn sé ceangailte leis an long le cábla trom, slabhra breactha le stodaí, de ghnáth. Tá dhá shaghas ann: an seancheann le stoc, agus an ceann nua-aoiseach gan stoc a bhfuil an lorga is an barr in ann gluaiseacht i leith a chéile. Nuair a chuirtear an t-ancaire nua-aoiseach i dtaisce, bíonn na bois comhthreomhar leis an gcos.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ancaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 39.