Anailís uimhriúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh áirimh ina ndéantar neastacháin chomhleantacha, cosúil le modh atriallach. Mar shampla, chun √10 a áireamh chuig aon chéim cruinnis is gá, más xn neastachán maith ar √10, is féidir an t-algartam seo seo a úsáid — xn+1 = (1/2)[xn + (10/xn)] — chun xn+1, neastachán níos fearr, a fháil. Tá ríomhairí iontach áisiúil don mhodh oibre seo, agus mar sin tá forbairtí móra déanta ar an anailís seo le blianta anuas.