Anailís thoiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anailís thoiseach

Sa mhatamaitic fheidhmeach, anailís slonn a sheasann do chothromóidí nó teoirimí fisiciúla i dtéarmaí na dtoisí, ag baint úsáid as na haonaid chaighdeánacha. Is gá go mbíonn na toisí céanna ar an dá thaobh de chothromóid. Mar an gcéanna, is gá gurb ionann toisí téarmaí a shuimítear le chéile nó a dhealaítear ó chéile. Is teicníocht chumasach í chun gaolta nua a dhíorthú idir cainníochtaí, agus torthaí a sheiceáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Anailís thoiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 38.