An Volaifis
| Volaifis (Wolof) |
|
|---|---|
| Á labhairt: | sa Seineagáil, sa Ghaimbia, sa Mháratain |
| Réigiún: | Iarthar na hAfraice |
| Cainteoirí san Iomlán: | 3.2 milliún (mátharteanga) 3.5 milliún (dara theanga) |
| Rang: | (Níl sí ar na cúig scórtha is mó a labhraítear) |
| Líne ghinealaigh: | Nígir-Chongóch Congó-Atlantach |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | - |
| Foras Pleanála Teanga: | CLAD (Centre de linguistique appliquée de Dakar) |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | wo |
| ISO 639-2 | wol |
| ISO 639-3 | [1] |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Is teanga í Volaifis a labhartar sa tSeineagáil, sa Ghaimbia, agus sa Mháratáin, agus is í teanga dhúchasach na Volafach í. Ceann de na teangacha Nígir-Chongócha í, agus í suite i mbrainse Atlantach na fine seo. Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní teanga thonúil í an Volaifis.
Is í an Volaifis an teanga is mó a labhraítear sa tSeineagáil. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 40% de mhuintir na tíre, agus an chuid eile bíonn sí acu mar theanga iasachta go minic. Tá Volaifis na gcathrach an-difriúil le Volaifis na tuaithe, áfach. An cineál Volaifise a chluinfeá i nDacár, mar shampla, tá go leor Fraincise agus Araibise measctha tríthi.
Maidir le gramadach na Volaifise is é an rud is suntasaí ná nach féidir na briathra a réimniú ar aon nós. Ina áit sin is iad na forainmneacha a réimnítear - is é sin baintear úsáid as forainmneacha éagsúla, nó foirmeacha éagsúla de na forainmneacha, leis an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus araile a chur in iúl. Le fírinne áfach ní ar an aimsir atá an bhéim is mó sa réimniú seo féin ach ar ghné an bhriathair - is é sin cé acu gníomh críochnaithe atá i gceist nó gníomh atá ar obair i gcónaí.