An Ghlóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gloria in Excelsis Deo

'Sí an Ghlóir ná paidir Críostaí a chumadh i dtús i nGréigis (Δόξα ἐν ὑψίστοις Θεῷ) agus a aistríodh go luath go Laidin (Gloria in excelsis Deo). Úsáidtear í go forleathan i ndeasghnátha Críostaíochta.

An Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glóir do Dhia sna háirde
Agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte.
Molaimid thú. Móraimid thú. Adhraimid thú.
Tugaimid glóir duit.
Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas,
A Dhia, a Athair uilechumhachtaigh,
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
Tusa, a thógann peacaí an domhain,
déan trócaire orainn.
Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is naofa. Is tú amháin is Tiarna.
Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair.