An Frith-Dhomhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chreid Philólaos go raibh “Frith-Domhan” (Antichthon) ag gluaiseacht ar fhithis thart ar an “Tine Láir”, agus nach raibh ceachtar acu le feiceáil ón Domhan. Léiríonn an léaráid thuas an Domhan san oíche agus léiríonn an ceann thíos an Domhan sa ló.

Is éard atá i gceist leis an bhFrith-DhomhanAntichthon ná pláinéad samhailteach atá ag dul timpeall na Gréine ar an taobh eile den Ghrian, ionas nach féidir linn radharc a fháil air. Cuid de theoiricí áirithe cosmeolaíochta ab ea an Frith-Dhomhan i saol na seanársaíochta, ach is é an tuiscint atá ag réalteolaithe an lae inniu ar an scéal seo ná nach féidir a leithéid a bheith ann, nó dá mbeadh, rachadh imtharraingt an phláinéid seo i bhfeidhm ar na reanna neimhe eile, fiú dá mbeadh sé dofheicthe ón Domhan, ionas go bhféadfaimis é a aithint go hindíreach.

Ba iad na fealsúna nádúrtha sean-Ghréagacha Píteágarás agus Philólaos a mhol go mbeadh a leithéid de phláinéad ann sa tsamhail den ollchruinne a bhí acu. Ceannródaithe ab ea iad toisc nár chuir siad an Domhan i lár na hollchruinne, ach shíl siad go raibh an Domhan, an Frith-Dhomhan agus an Ghrian araon ag timpeallú na Tine Láir, mar a thug siad ar an tine a shíl siad a bheith suite i lár na hollchruinne. Ní raibh i solas na Gréine ach frithchaitheamh na tine seo, de réir a dtuisceana siúd.

Lenár linn féin chasfaí smaoineamh an Fhrith-Dhomhain ort san fhicsean eolaíochta. Is dócha gurb é an scannán úd ón mbliain 1969, DoppelgängerThe Journey to the Far Side of the Sun, an saothar is clúití atá bunaithe ar an móitíf seo.