Airiasachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist leis an Airiasachas (eiriceacht Áiris an leagan a thugann foclóir de Bhaldraithe) ná an teagasc diagachta a luaitear le hAirias (250-336 AD), preispitéir Críostaí a bhí ag obair i gCathair Alastair san Éigipt. Bhí Airias barúlach nach cuid de Dhia a bhí in Íosa, ach neach ar leith agus é cruthaithe ag Dia. Bhí tionchar nár bheag ag an Airiasachas le lá Airiais agus go gairid i ndiaidh a bháis, nó ba Airiasaigh iad na hImpirí Rómhánacha Valens agus Constantius a Dó. Uaireanta, tugtar "Airiasachas" ar fhoirmeacha neamh-Thríonóideacha eile den chreideamh Chríostaí seachas an tAiriasachas sa chiall chúng.