Ainiseatrópacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá WMAP de na hainiseatrópachtaí (thar a bheith beag bídeach) sa radaíocht chúlra chosmach

Is éard is ainiseatrópacht ann ná maoin ábhair, a ligeann dó airíonna difriúla a athrú nó glacadh leo i dtreonna difriúla, murab ionann is iseatrópacht. Is féidir é a shainiú mar dhifríocht, nuair a thomhaistear é feadh aiseanna éagsúla, in airíonna fisiciúla nó meicniúla ábhair (ionsúiteacht, comhéifeacht athraonta, seoltacht, neart teanntachta, srl.)

Sampla d’ainiseatrópacht is ea solas ag teacht trí pholaraitheoir. Sampla eile is ea adhmad, ar fusa a scoilteadh feadh a shnáithe ná trasna air.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]