Ailgionáití

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Salainn cailciam an aigéad ailginigh a fhaightear i bhfeamainn. Cruthaíonn siad tuaslagáin shlaodacha a choinníonn toirt an-mhór uisce. Úsáidtear iad i ndéantúsaíocht bianna mar oibreáin tiubhaithe i dtáirgí cosúil le huachtar reoite is iógart. Ní dhíleátar iad sa stéig bheag, ach coiptear iad ag micreafhásra sa stéig mhór.