Aeráid monsúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aeráid is ea aeráid monsúin ina mbíonn séasúr fliuch is séasúr tirim a éiríonn ó imirce an chrios inréimneachta idirthrópaicí agus athruithe i dtreo na gaoithe. Faightear a leithéid i réigiúin thrópaiceacha, san Áise go príomha. I gcás monsúin na hÁise, mar thoradh ar théamh mhais ollmhór na tíre sa samhradh, laghdaítear brú an atmaisféir os cionn na hilchríche. Súitear aer tais isteach ó na haigéin (an monsún aniar aneas), agus titeann an bháisteach. Sa bhfómhar is lú an chontrárthacht idir tír is aigéan, agus cúlaítear na réigiúin ardbhrú is ísealbhrú. Ansin séideann gaotha fuara tirime anuas ó na Himiléithe (an monsún anoir aduaidh), ag leanúint go dtí an t-earrach. Braitheann an chuid is mó de thalmhaíocht na hÁise ar an monsún, ach is athraitheach a theacht ó bhliain go bliain, agus má bhíonn moill air laghdaítear an bháisteach.