Abeliophyllum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAbeliophyllum
Abeliophyllum distichum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhsamár Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speicis i mbaol
UICN13188339 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineOleaceae
TreibhForsythieae
GéineasAbeliophyllum
SpeiceasAbeliophyllum distichum Cuir in eagar ar Wikidata
Nakai
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Géineas monathíopúil de phlandaí bláthanna san fhine olóige, Oleaceae. is ea Abeliophyllum (Gaeilge:Foirsítia bhán). Tá sé comhdéanta de speiséas amháin, Abeliophyllum distichum Nakai, speicis cheantracha na Cóiré, áit a bhfuil sé i mbaol san fhiántas, Ní bhíonn sé ar fáil ag amháin i seacht suíomh. Tá gaol aige le Foirsítia, ach éagsúil uaidh mar go bhfuil bláthanna bána, ní buí, aige.

Is tor duillsilteach é a fhasann go 1-2 m ar airde. Bíonn a dhuillí urchomhaireach lena chéile, simplí, 6-10 cm ar fhad agus 3-4.5 cm ar leithead, caithreach os cionn agus faoi bhun araon. Táirgtear na bláthanna san luath-earrach sula dtagann na duilleoga nua; bíonn siad bán agus cumhra, thart ar 1 cm ar fhad, le coróinín ceithremhaothánach. Bíonn an toradh cruinn, ina shamár sciathánach 2-3 cm trastomhas.

Tá sé saothraithe mar phlanda ornáideach san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.