Abel Janszoon Tasman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Loingseoir is taiscéalaí a rugadh gar do Groningen na hOllainne ab ea Abel Janszoon Tasman (1603-c 1659). Ar a chéad aistear taiscéalaíoch i 1642 tháinig sé ar an oileán ar thug sé Tír van Diemen air (an Tasmáin anois) is an Nua-Shéalainn, agus i 1643 Tonga is Fidsí. Rinne sé a dhara aistear i 1644 go cósta thiar thuaidh na hAstráile.