Úsáideoir:CÓC1995/Clár Dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cispheil in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús Cispheil - Cruthaithe ag Dr. James Naismith i Springfield, Massachusetts, i 1881. Bhí sé ag iarraidh tecaht ar chluiche le scileanna choirp a bheadh siad in ann a imirt i rith an gheimhridh nuair a bhí sé go dona i New England. D'imir siad an chéad chluiche le liathróid sacar agus dhá ciseán torthaí. Inniu is feiniméan domhanda é cispheil a bhfuil na milliúin infheistithe ann, luchleasaithe éilíte agus cluichí gach uile lá don seachtain.

Stair Cispheil in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le roinnt daoine go spóirt cineál nua í cispheil d'Éireann. Ba chluiche iompórtáilte againn óna Meiriceánaigh. Is í an fhírinne ná go raibh cispheil á imirt in Éirinn sna 1920aí. Chuir Sairsint Doogan an cluiche in iúl do shaighdiúirí san airm. Bhí cáil ar an gcluiche mar aclaíocht do dhornálaithe. I ndiadh roinnt ama fuair sé stádas do féin agus bhí clú ar san airm ó shin amach.

I 1925 bhí dhá craobhchomórtas eiseadh sa Churragh.

Bhí fás tapaidh lasmuigh den airm maidir leis an gcispheil. I Márta 1945 bhí foirmíocht an chéad club i UCD. Bhí na chéad cluichí idir ollscoile i 1946.

I 1945 bhí an foirmíocht do Chumann Amaitéarach na hÉireann (Amateur Basketball Association Ireland).

I 1947 bhí comhcheangail ag FIBA (The International Basketball Federation) le cispheil na hÉireann agus ansin bhí aitheantas ar mar spóirt oifigiúil in Éirinn.

Bliain níos déanaí cuir Éireann foireann cispheil isteach sna cluichí Oilimpeacha i 1948. Bhí na cluichí ar iúl sa Bhreatain, iar an dara chogadh domhanda. Ní raibh córas cáilithe i gceist. Sé seo an t-aon uair i stair na hÉireann bhíodar mar rannpháirtí i gcispheil sna cluichí Oilimpeacha.

Bhí sraith na bhfir cruthaithe i 1971/1972.

Bhí sraith na mban cruthaithe i 1979/1980.

Bhí tosú ar an ré nua-aimsearha sna sraith fir nuair a thug Naomh Uinseann, Cill Áirne na chéad imreoirí proifisiúnta óna Stáit Aontaithe Meiriceá i 1979/1980.

D'oscail Cispheill Éireann an Láthair Náisiúnta Chispheile i bPáirc Thig Mhotháin, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, ar an 24ú Eanáir, 1993.

D'athraigh an eagraíocht ó Chumann Amaitéarach Cispheil na hÉireann (Amateur Basketball Association Ireland) go dtí Cumann Cispheil na hÉireann (International Basketball Association) i 1980.

I mí Lúnasa, 2001, don chéad uair i stair na heagraíochta bhí foireann na bhfir cáilithe don bhabhta leath cheannais don chomórtas Eorpach i 2003.

I 2003 tháining struchtúr nua ar Chumann Cispheil na hÉireann (International Basketball Association) agus bhí brandáil nua i gceist don eagraíocht, Cispheil Éireann (Basketball Ireland). Sé seo le haghaidh an feabhsú agus forbairt don spóirt in Éirinn.

Is í Cispheil Éireann (Basketball Ireland) an coiste rialaithe idirnáisiúnta do chispheil in Éirinn. Ta freagracht ag an eagraíocht do chur chun cinn, forbairt, riaracháin do ghníomhaíochtaí in Éirinn agus Tuaisceart Éireann.

Is é príomh aidhm Cispheil Éireann ná leibhéal rannpháirtíochta cispheil a ardú i measc na tíre agus cúrsaí, comórtaisí, sraitheanna agus seirbhísí atá ar chaighdeán proifisiúnta a chur ar fáil don phobal cispheil.[1]

Cispheil in Éirinn Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil leis an Ghaeilge, tá athbheochan tagtha ar an gcispheil san tír seo le blianta anuas. I 2017 bhí cluiche ceannais chorn na bhfear (Mens Super League) díolta amach idir Cill Easra agus Sord. Imrítear na cluiche ceannais seo sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht.

Inniu bíonn na cluichí seo craolta ar TG4.

Níl na sluaite céanna nó suim céanna i gceist is a bhíodh i Staid Neptune sna 80aí, ach, tá feabhas mór le feiceáil, go háirithe 5 mbliana ó shin. Bhí foireann Fé 18 na hÉireann cáilithe don chluiche ceannais tábhachtach sa Fhrainc. Is léir nach raibh mórán muiníne iontu go mbeidh siad ag dul chn cinn sa chomórtas. Bhí an bád abhaile ag fágáil ag an am céanna leis an gcluiche a bhí le himirt acu.

Idir 2010 agus 2016 ní raibh foireann idirnaisiúnta ag fir na hÉireann. D'éirigh le réalt agus laoch ó am na h80aí, suim, uaillmhian agus bród a chuir isteach in imreoirí Éireannach nuair a bhí sé ceaptha ina bhainisteoir. B'é Strickland duine de na chéad Mheireacceánaigh a tháinig go hÉirinn chun imirt. Oríomh aidhm agus dualgas aige anois ná aan fhoireann náisiúnta a chur bhóthar leasa arís.[2]

Imreóirí le Cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beirt Éireannaigh, Jordan Blount agus Seán Flood a bhuaigh an sraith Mens Super League le Teach Mealóg ag imirt le coláistí i Meiriceá. Beidh ról lárnach acu i athbheochan cispheil na bhfear.

Rugadh Blount i Geneva, Ohio (SAM) ar an 5ú Eanáir, 1997. Tá oidhreacht Éireannach aige a ligeann do imirt ar son na hÉireann. Seasann sé ag 6' 8" (203cm) agus meachán 200lbs (91kg). Imríonn sé mar SG (Garda Caithimh) do na Illnois - Chicago Flames. Beidh Blount cáilithe don NBA Draft i 2020.[3]

Rugadh Flood i mBaile Átha Cliath ar 10ú Meán Fómhair, 1996. Bhí treimhsí imeartha ag Flood in Éirinn agus sa Ghearmáin. Seasann sé ag 6' 1" (185cm) agus meachán 155lbs (70kg) aige. Imríonn sé ar son Santa Fe CC (JUCO) agus beidh sé cáilithe don NBA Draft i mbliana (2018).[4]

Cispheil i measc Pheileadóirí Ghaelacha in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le blianta beaga anuas is treocht ann go bhfuil imreoirí Peil Ghaelacha (Cumann Lúthchleas Gael) ag imirt cispheile as séasúr chun a gcuid scileanna lámha a fhorbairt agus a gcuid cleacthadh aeróbach a choinneáil ag ráta ard.

I mbliana tá iar-imreoir na mbliana Michael Daragh MacAuley i ndiaidh teacht ar bhord le hÉanna a bhíonn ag imirt san Ard-Sraith don tír.[5] Anuas ar sin tá sarimreoir Ciarraí, Kieran Donaghy ag imirt lena Tralee Tigers agus foireann na hÉireann.[6]

Le filleadh ar ais na réaltaí seo tá sé i ndiaidh suim agus díograis an phobail a ghinúint. Tá sluaite na cluichí méadaithe agus proifíl an cluiche sa tír ardaithe de bharr seo. Ta scéal ann gur chuir Mick O'Dwyer, Eoin 'Bomber' Liston ag imirt cispheile i rith an Gheimhridh agus é ina bhainisteoir ar Chiarraí.[7]

Cispheil i measc mná in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir le feabhas agus forbairt cispheil in Éirinn, d'éirigh le Foireann na mBan craobh faoi 18 na hEorpa i mBaile Átha Cliath a bhaint amach an samhradh seo caite (2017). Ligfidh sé seo dóibh áit a bhaint amach i gcraobh A na hEorpa, rud nach ndearna aon fhoireann faoi aois ón tír seo riamh.

I gcás cispheil, is í an cluiche a bhfuil an mé

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.basketballireland.ie/history/, Basketball Ireland, Suíomh na hEagraíochta (Béarla)
  2. https://tuairisc.ie/na-cluichi-mora-aar-tg4-aris-agus-borradh-ag-teacht-faoi-chispheil-in-eirinn-athuair/, Tuairisc.ie, Suíomh Nuachta, (Gaeilge)
  3. https://basketball.realgm.com/player/Jordan-Blount/Summary/107097, Real GM, Suíomh Spóirt (Béarla)
  4. http://www.santafesaints.com/sports/mbkb/2016-17/bios/flood_sean_dimb,Santa Fe Saints, Suíomh Coláiste (Béarla)
  5. http://www.the42.ie/michael-darragh-macauley-dublin-fitness-2787194-May2016/, The42.ie, Suíomh Nuachta (Béarla)
  6. http://www.the42.ie/kieran-donaghy-ireland-basketball-squad-3274814-Mar2017/, The 42.ie, Suíomh Nuachta (Béarla)
  7. https://www.irishtimes.com/sport/gaelic-football-and-basketball-make-for-intriguing-combination-1.2953900, The Irish Times, Suíomh Nuachta (Béarla)