Ópal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm nádúrtha silice (SiO2) dímhorfaí (neamhchriostalta) a mbíonn roinnt uisce inti. Cruthaítear é ag teocht réasúnta íseal i dtuaslagáin de chomhábhair dhoigheartha, fortháite le silice. Bán de ghnáth, agus bíonn speictream sainiúil dathanna le feiscint ar dhromchla na seoide. Na samplaí is fearr ón Astráil.