Ógántacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Déagóirí sa tSín

Tréimhse forbartha pearsanta, a chuimsíonn teacht in oirbheart agus na déaga luatha, is ea an ógántacht.[1]

Is tréimhse ama í an ógántacht ina dtarlaíonn fás agus forbairt go han-tapa. Baineann sí le próiseas aibithe fhisiciúil, níos luaithe i gcailíní ná buachaillí de ghnáth, ach athraíonn na raonta aoise is na patrúin iompair ó shochaí go sochaí.[2]

I dtíortha bochta is féidir go mbeidh na hógánaigh ag obair sna goirt is ag iompar dualgas trom ó aois 9-10 mbliain, ní hionann is déagóirí i dtíortha forbartha a bhíonn ag freastal ar scoil. Ach i ngach cás bíonn siad ag iarraidh a bheith neamhspleách ar a dtuismitheoirí, rud a chuireann tús le coimhlint a thuairiscítear go minic mar bhearna na nglún.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “adolescence — Aistriúchán Gaeilge ar adolescence (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-07.
  2. Aistear na nÓg. [1]
  3. Hussey, Matt (2011). "Ógántacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 492.