Íogaireacht do bhia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i gceist le íogaireacht do bhia ná éadulaingt d'ábhar bia, agus seans go dtarlaíonn frithghníomh mínormálta imdhíonach tar éis an bia sin a ithe. Is neamhbhuan a leithéid de ghnáth, agus is féidir an t-ábhar a chur ar ais sa chothú tar éis tamall seachanta. Muna féidir le duine cur suas leis an ábhar ansin, deirtear gur íogaireacht dhaingnithe atá aige. I measc na gcúiseanna is féidir a bheith le híogaireacht do bhia, tá frithghníomh ailléirgeach, frithghníomh síceolaíoch, frithghníomh cógaisíochta don ábhar bia nó breiseán ann, iarmhairt dhíreach greannaithe ag an mbia ar líneáil na putóige (mar a bhíonn ag cruithneacht ar dhaoine áirithe), agus easpaí einsímí ionas nach féidir leis an gcolainn comhábhair sa bhia sin a phróiseáil (mar shampla, uireasa lachtáise).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Íogaireacht do bhia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 373.