Éadbhard Westminster, Prionsa na Breataine Bige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉadbhard Westminster, Prionsa na Breataine Bige

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Edward of Westminster
Beathaisnéis
Breith13 Deireadh Fómhair 1453
Tithe na Parlaiminte, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Bealtaine 1471
17 bliana d'aois
Cath Tewkesbury, Ríocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Áit adhlacthaMainistir Tewkesbury Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalPrionsa na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Lancaster Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAnne Neville (1470 (Féilire Ghréagóra)–1471) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAnraí VI Shasana  agus Margaret Anjou
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 11606578 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Éadbhard Westminster (13 Deireadh Fómhair 1453 - 4 Bealtaine 1471), ar a dtugtaí Éadbhard Lancaster freisin, an t-aon mhac a bhí ag Anraí VI Shasana agus le Marguerite d'Anjou. Maraíodh é agus é seacht mbliana déag d'aois ag Cath Tewkesbury.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Éadbhard ag Pálás Westminster, Londain, [1] an t-aon mhac a bhí ag Anraí VI Shasana agus a bhean chéile, Marguerite d'Anjou. Ag an am, bhí achrann idir lucht tacaíochta Anraí agus lucht tacaíochta Richard Plantagenêt, 3ú Diúc Eabhrac, a raibh éileamh acu ar an ríchathaoir agus a chuir in aghaidh údarás oifigigh stáit Anraí. Bhí meabhairghalar ar Anraí, agus bhí ráflaí forleathan go raibh an prionsa mar thoradh ar chaidreamh idir a mháthair agus duine dílis dá lucht tacaíochta. Bhí Edmund Beaufort, 2ú Diúc Somerset, agus Tomás de Buitléir, 2ú Iarla Urmhumhan, beirt in amhras faoi athair an Phrionsa Éadbhard; [2] áfach, níl aon fhianaise dhaingean ann chun tacú leis na ráflaí, agus ní raibh Anraí é féin in amhras faoi dhlisteanacht an ghasúir agus d’admhaigh sé go poiblí a atharthacht. Infheistíodh Éadbhard mar Phrionsa na Breataine Bige ag Caisleán Windsor sa bhliain 1454 .

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Griffiths, 'Edward, prince of Wales (1453–1471)', Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004
  2. Paul Murray Kendall, Richard The Third; page 32