Áine Hensey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÁine Hensey
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: AineHensey Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir agus craoltóir í Áine Hensey, as Baile Átha Cliath.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oibrigh Hensey leis an bhféile mhór óige Slógadh sna 1970idí agus roinnt mhaith féilte eile – Éigse Mrs Crotty, Oidhreacht an Chláir, agus Consairtín ina measc.

Mar láithreoir, cuireann sí cláracha ceoil traidisiúnta i láthair den chuid is mó. Chaith sí tréimhsí le RTÉ Radio 2 (nó RTÉ 2FM mar atá anois air), RTÉ Radio One, agus Clare Fm. Tá sí ag craoladh le Raidió na Gaeltachta ó bhí 1995 ann. agus tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge uirthi óna cláracha Béal Maidine, An Ghaoth Aniar, Binneas Béil, agus An Ghealach Ghorm.

Bíonn sí le feiceáil ó am go chéile ar chláracha TG4 freisin agus d’oibrigh sí taobh thiar den cheamara ar Geantraí ar an stáisiún sin.

Sa bhliain 2023, tháinig Hensey i gcomharbacht ar Brian Montague mar chathaoirleach ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. NÓS (2023-07-13). "Áine Hensey ceaptha ina cathaoirleach ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-13.