Rovaniemi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRovaniemi
Rovaniemi (fi)
Ruäʹvnjargg (sms)
Ruávinjargâ (smn)
Roavvenjárga (se) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 66°30′10″N 25°43′43″E / 66.50279°N 25.72848°E / 66.50279; 25.72848
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighRegional State Administrative Agency for Lapland (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainneLaplainn na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán65,329 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús8.62 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighRovaniemi sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla7,581.63 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceKemijoki Cuir in eagar ar Wikidata
Airde197 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRovaniemen maalaiskunta Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1960
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhairle Cathrach Rovaniemi Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinrovaniemi.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Instagram: cityofrovaniemi Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i dTuaisceart na Fionlainne is ea Rovaniemi (Sáimis Thuaidh: Roavvenjárga, Sáimis Ánárach: Ruávinjârga, Sáimis Scoltach: Ruä'vnjargg). Is í príomhchathair na Laplainne í, san Fhionlainn ar a laghad. Tá an chathair suite in aice leis an gCiorcal Artach, agus an dá abhainn úd Kemijoki agus Ounasjoki ag teacht le chéile ansin. Tá ollscoil i Rovaniemi, Ollscoil na Laplainne.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seanáit trádála is ea Rovaniemi a d'fhás go nádúrtha timpeall ar phointe teagmhála an dá abhainn. Sa bhliain 1938, rinneadh lárionad riaracháin na Laplainne den áit, cé nár bronnadh ainm agus dintiúirí na cathrach uirthi roimh an mbliain 1960. Le linn Chogadh na Leanúna, bhí trúpaí Gearmánacha ar garastún san áit, agus nuair a d'éirigh ina chogadh idir na Fionlannaigh agus na Gearmánaigh go gairid roimh dheireadh an dara cogadh domhanda, chuir na Gearmánaigh an áit de dhroim an tsaoil.

I ndiaidh an chogaidh, b'éigean Rovaniemi a atógáil ina hiomláine. Mar sin, tá cuma sách nua-aimseartha ar an gcathair inniu.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní labhraítear Sáimis in aon chóngar do Rovaniemi inniu, nó is í canúint thuaisceartach na Fionlainnise caint na sráide sa chathair. Agus an méid sin ráite, is dócha gurb as an tSáimis a tháinig an chéad leath den ainm. Is é is ciall le roavva sna teangacha Sáimise a labhraítear inniu ná cnoc, nó áit a bhfuil lorg na seanfhalscaí le haithint. Maidir leis na canúintí a bhí á labhairt timpeall Rovaniemi anallód, áfach, is dócha gurbh é an chiall a bhí leis an bhfocal iontu ná carn, de réir na n-iarsmaí atá fágtha.

I dtús na bliana 2006, cuireadh an ceantar tuaithe timpeall Rovaniemi - Rovaniemen maalaiskunta - leis an gcathair - Rovaniemen kaupunki. Mar sin, tá an "chathair" 8,016.42 km² ar achar inniu, agus timpeall ar 58 míle duine ina gcónaí ansin.

Daoine mór le rá[cuir in eagar | athraigh foinse]