Coláiste Iognáid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Iognáid
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincolaisteiognaid.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Scoil iarbhunoideachais i gCathair na Gaillimhe is ea Coláiste Iognáid. Scoil Íosánach ab ea an scoil le fada, ach thug an t-ord sin le fios nach mbeidís i gceannas na scoile i bhfad eile tar éis gur cuireadh deireadh lena bparóiste speisialta i gCathair na Gaillimhe. Tuigtear, ámh, go gcoimeádfar eitic láidir Chaitliceach sa scoil.

Scoil do bhuachaillí amháin ab ea í go dtí na hochtóidí, ach ó shin i leith tá sí measctha.

Tá an scoil láidir i rámhaíocht agus rugbaí, ach imeartar an-chuid spórt eile ann. Leagtar béim sa scoil ar intleacht agus spioradáltacht, agus is minic a fheictear an scoil ag díospóireacht sna comórtais náisiúnta.

Lord Haw Haw ar an úrlár, 1945

Iarscoláirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail William Joyce, nó Lord Haw Haw ar Choláiste Iognáid sna 1910idí. Dúradh faoi Joyce, dílseoir óg ag an am, go raibh Gaeilge líofa aige.[1]

Bhí ceannasaí Aer Arann, Pádraig Ó Céidigh, ina mhúinteoir ann ar feadh tamaill.

Iarscoláirí cáiliúla eile is ea Robert (Bobby) Molloy, an craoltóir Proinsias Mac Aonghusa, an craoltóir Sean O'Rourke, Frank Hugh O'Donnell agus iriseoir Harry McGee.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cormac Ó Comhraí. "Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-08. Dáta rochtana: 2021-01-03.