Rásaíocht mótair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportRásaíocht mótair
Cineálspórt mótair, rásaíocht agus automobile sport (en) Aistrigh

Is spórt é an mótarspórt ina mbíonn carranna ag rásaíocht. Ciallaíonn rásaíocht mótair nó mótarspóirt rásaíocht gluaisrothair agus d'fhéadfadh rásaíocht báid mótair agus rásaíocht aeir a bheith i gceist anseo chomh maith. Is féidir a rá gur spórt é ina mbíonn an-bhéim ar luas agus scil ann cosúil le cadhcáil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Blitzen-Benz - Rennen - 1910idí

Rinne Karl Benz an chéad charr peitreail in 1888 agus níorbh fhada ina dhiaidh gur thosaigh daoine ag rásaíocht carranna go hiomaíoch. I 1894, d'eagraigh irisleabhar i bPáras Le Petit Journal, an chéad chomórtas, scrúdú dúshlánachta chun fáil amach cén carr ab fhearr a bhí ag feidhmiú.Bliain ina dhiaidh sin bhí an chéad rás ceart sa bhFrainc, ó Pháras go Bordeaux. Emile Levassar a tháinig sa gcéad áit ach dí-cháilíodh é mar ní raibh sé ag baint úsáid as an gcarr le cheithre shuíochán a bhí riachtanach.Thosaigh comórtas idirnáisiúnta leis an Gordon Bennett Cupsan rásaíocht carranna.Bhí an chéad rás carranna sna Stáit Aontaithe, os cionn 54.36 míle (87.48 Km, i Chicago, Illinois ar an 2 Samhain, 1895. Fuair Frank Duryee é i 10 n-uaire agus 23 nóiméad ag fáil an cheann is fearr ar 3 charr peitreail agus 2 charr leictreach.Ba é an Vanderbilt Cupan chéad trófaí a bronnadh.

Rásaíocht ó Chathair go Cathair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bhrí go raibh an-cháil ar an Fhrainc ó thaobh déantús carranna agus rásaíocht de, d'eagraigh club gluaisteáin na Fraince ACF go leor rásaí idirnáisiúnta go h-ionduail ó nó go Páras, ag ceangal le cathair mhór eile san Eoraip nó sa bhFrainc. Chríochnaigh na rásaí seo ar éirí leo chomh maith sin i 1903 nuair a bhí drochthimpiste ag Marcel Renault i ngar do Angouleme i rás Pháras-Maidrid. Bhí ar rialtas na Fraince stop a chur leis an rás i Bordeaux agus cosc a chur ar rásaíocht bóthair-oscailte de bharr ocht dtimpiste marfacha.

1910-1950[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ins na 1930'dí tharla idirdhealú bunúsach i feithiclí rásaíochta ó charranna bóthair le praghsanna árda,le leithéidí Delage, Autounion, Mercedes-Benz,Delahaye agus Buggatti ag déanamh feithiclí sruth-líneach le innill a bhí ag táirgeadh 450kW (612 HP) le cabhair ó forlíontóirí beaga iolrach. O 1928-1930 agus arís i 1934-1936 an méid ba mhó meáchain a bhí ceadaithe ná 750Kg (1654 Ibs) riail nach bhfuil ceadaithe i rialacha rásaithe reatha. Bhí úsáid go leor cóimhiotail alúmanam riachtanach chun meáchan éadrom a bhaint amach nó i gcás an Mercedes, baineadh an phéint de chun teorainn a bhí ar an meáchan a leigheas as ar eascair na Silver Arrows, na cairr rásaíochta ba thapúla a chonaic an domhan riamh.

Catagóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an rásaíocht suíochán amháin (roth-oscailte) b'fhéidir an cineál mótarspórt is mó a bhfuil aithne air, le carranna atá dearbhaithe go príomha i gcóir rásaíocht luas-árd. Níl na rothaí clúdaithe agus bíonn eití eiteoga ar na carranna go minic sa tosach agus sa deiridh. Bíonn rasaí suíochán amháin ar siúl ar chúrsaí dúnta, a bhíonn dearbhaithe go priomha nó ar chúrsaí sráide a bhíonn dúnta don ócáid. Bíonn go leor rásaí suíochán amháin ar siúl i Meiriceá Thuaidh ar chúrsaí ubhchruth agus bíonn rásaí an Indy Racing League go h-ionduail ar chúrsaí ubhchruth. An cineál rásaíocht suíochán amháin is mó a bhfuil aithne air ná craobh dhomhanda an Foirmle a hAon, ina mbíonn craobh bliantúil le carranna móra idirnáisiúnta agus déantúsóirí innill in iomaíocht teicneolaíochta agus scil tiománaí. Tharla an Chéad Grand prix i Le Mans sa bhFrainc in 1906 agus bhuaigh fear as an Ungáir darbh ainm Francois Szisz i gcarr Renault a rinne meánluas de 73.3 míle san uair. Sa bhliain 1950 thosaigh an chéad foirmle 1 agus comórtaisí Nascar, rud a d'fhág an spóirt seo ar luach saothair ard agus mór shuim idirnáisiúnta ann. Ba í Maria Teresa de Filippis an chéad bhean a ghlac páirt i gcomórtas Foirmle a hAon. Is é an rásaíocht Formula 1 an rásaíocht is coitianta san rásaíocht mótair agus gan aon amhras, an spórt is daoire sa domhan, le roinnt foirne ag caitheamh níos mó ná 200 milliún dollar Meiriceánach sa mbliain. Meastar go forleathan gur é an Formula 1 buaic an rásaíocht mótair, is suíochán i gcarr Formula 1 an pointe is airde i slíbheatha rásaíochta aon tiománaí.Sraith rásaíochta suíochán amháin eile ná an A1 Grand Prix (corn domhanda an rásaíocht mótair),GP2 (ar a dtugtaí Formula 3000 agus Formula Two air, Formula Nippon, Formula Renault 3.5, Formula Three agus Formula Atlantic.Tá catagóirí eile rásaíochta suíochán amháin ann mar shampla Kart Racing.Thosaigh go leor de na tiománaithe is cáiliúla agus is fearr ins an lá atá inniu ann a slí-bheatha ins an gcineál seo carr.

Rialacha Rásaíochta an Formula 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foirmle a hAon

Caithfidh ineall an chairr a bheith faoi bhun trí lítear le deich gciorcóir ann.

Ní mór an cineál boinn rubair dá n-úsáid a fhógairt agus a chlárú ag an tús. Tá cead ceithre chineál boinn a úsáid ag brath ar an aimsir.

Tá uasmhéid de seacht ngiar ceadaithe agus íosmhéid de cheithre ghiar.

Ní féidir leis an gcarr a bheith níos airde ná 95cm ná níos leithne ná 180cm.

Bíonn córas bratacha in úsáid chun teachtaireachtaí éagsúla a chur in iúl:

  • Dubh- dícháilíocht an tiománaithe.
  • Dubh agus Bán-deireadh an rás.
  • Gorm- carr chun scoith.
  • Dearg- Deireadh tobann leis an rás roimh an am.
  • Buí- contúirt ná scoitear.
  • Dearg agus buí- ola ar an gcúrsa.

An Rás[cuir in eagar | athraigh foinse]

McLaren Mercedes - 2005

Is 200 timpeall a bhíonn i gceist.

Ón mbliain 2003 tá córas pointí i bhfeidhm don gcéad ochtar a chríochníonn an rás-10,8,6.5,4,3,2,1.

Bíonn áit ar an ardán don chéad triúr ag deireadh gach rás.

Is é an duine is mó a bhuann rásaí i rith an tséasúir a bhuann an chraobh domhanda ag an deireadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]