Sainphointe (optaic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bíonn sainphointe comhdhéanta de thrí phéire pointí atá lonnaithe ar an ais optúil de chóras optúil atá siméadracht rothlach agus fócasach, san optic Ghauss. Iad seo na pointí fócasacha, an príomhphointe, agus na pointí nódacha.[1] I gcomhair na gcóras idéal , cinntear na hairíonna bunúsacha íomháithe, mar méid na híomhá, suíomh, agus treoshuíomh go hiomlán de réir suíomh na sainphointí; i ndáiríre ní bhíonn ach ceithre pointe riachtanach: na pointí fócasacha agus an príomhphointe nó na pointí nódacha. I gcleachtas, is é an scáthán plánach an t-aon córas idéalach a baineadh amach, mar sin féin, úsáidtear na sainphointí go forleathan chun  garmheastachán a dhéanamh ar iompar na gcóras fíoroptiúil. Soláthraíonn sainphointí bealach anailíseach dúinn chun córais le go leor comhpháirteanna a shimpliú, rud a ligeann dúinn an saintréithe íomháithe an chórais a dhearbhú go neasach le ríomhanna simplí a dhéanamh.

Míniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sainphointí lionsa tiubh san aer.
F, F' pointí fócasacha tosaigh agus  cúil,
P, P' príomhphointí tosaigh agus cúil,,
V, V' reanna dromchla tosaigh agus cúil

,

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Greivenkamp, John E. (2004). "Field Guide to Geometrical Optics": 5–20. SPIE.