Madeleine Albright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMadeleine Albright

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(cs) Marie Jana Körbelová
15 Bealtaine 1937
Prág (An tSeicslóvaic)
Bás23 Márta 2022
84 bliana d'aois
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
64 Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe
23 Eanáir 1997 – 20 Eanáir 2001
← Warren ChristopherColin Powell →
20 Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiúin Aontaithe
27 Eanáir 1993 – 21 Eanáir 1997
← Edward J. PerkinsBill Richardson → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachNa Giúdaigh
ReiligiúnEaglais Easpagóideach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Wellesley - Baitsiléir Ealaíon
Paul H. Nitze School of Advanced International Studies (en) Aistrigh
Kent Denver School (en) Aistrigh
Ollscoil Johns Hopkins
Ollscoil Columbia - Máistir Ealaíon, céim dochtúireachta
School of International and Public Affairs, Columbia University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreEolaíocht pholaitiúil, polasaí eachtrach, taidhleoireacht agus iriseoireacht tuairimíochta
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmtaidhleoir, múinteoir ollscoile, iriseoir tuairime, aire rialtais, ambasadóir, scríbhneoir, eolaí polaitiúil, polaiteoir, aire eachtrach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1972 –  2012
FostóirOllscoil Georgetown Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an tSeicis
Teaghlach
CéileJoseph Albright (1959–1983), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlice Albright, Anne Korbel Albright, Katie Albright Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJosef Korbel  agus Anna Spiegelová
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1267543 Allocine: 759439 Rottentomatoes: celebrity/madeleine-albright Allmovie: p287869 TCM: 668158 Metacritic: person/madeleine-albright TV.com: people/madeleine-albright
Facebook: MadeleineKAlbright Twitter: madeleine TED: madeleine_albright Musicbrainz: 841bb207-2c67-4f8b-b15e-2df3511abece Discogs: 5622194 Find a Grave: 237890638 Cuir in eagar ar Wikidata

Taidhleoir Meiriceánach ab ea Madeleine Korbel Albright, a rugadh mar Marie Jana Korbelová ar 15 Bealtaine 1937 i bPrág, sa tSeicslóvaic, agus a fuair bás ar 23 Márta 2022 sna Stáit Aontaithe. Ó 1997 go 2001 bhí sí ina rúnaí stáit sna Stáit Aontaithe, an chéad bhean sa phost sin. Ba bhall den Pháirtí Daonlathach í.

1988

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jerusalem, 1995.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taidhleoir Seicslóvach ab ea athair Madeleine, Josef Korbel; ní ba dhéanaí bhí sé ina ollamh le polaitíocht in Ollscoil Denver i Meiriceá. Nuair a thit an tSeicslóvaic as a chéile roimh ionsaí Ghearmáin na Naitsíoch bhí ar an teaghlach teitheadh. Chuir siad fúthu i Londain. Is cuimhin léi bord trom miotail sa teach mar chosaint ar an mbuamáil a bhí trom sa chomharsanacht in raibh cónaí orthu ar dtús agus tá Madeleine le feiceáil sa ghrianghraf ar phóstaer bolscaireachta ar son páistí sa Bhreatain Mhór.

1998

I 1945 agus an cogadh thart, d'fhill Josef Korbel, mar bhall de rialtas ar deoraíocht na Seicslóvaice, go Prág lena chlann. In fhómhar na bliana 1945 ceapadh Josef ina ambasadóir Seiceach in Belgrade, san Iúgslaiv. Sa bhliain 1948 ghabh na cumannaigh an chumhacht sa tSeicslóvaic agus fuair an teaghlach tearmann in ambasáid na Stát Aontaithe. Thug siad a n-aghaidh ar an tír sin agus sa bhliain 1957 ghlac ise agus a hathair araon saoránacht Mheiriceánach.

2011

Tógadh Madeleine mar Chaitliceach Rómhánach ach chuaigh sí leis an Eaglais Anglacánach nuair a phós sí sa bhliain 1959. Ní raibh a fhios aici go raibh sí ina duine fásta gur Giúdaigh iad a tuismitheoirí ar dtús agus gur iompaigh siad ina gCaitlicigh. Cailleadh triúr dá seantuismitheoirí san Uileloscadh.

Bhí Béarla, Fraincis, Seicis agus Rúisis líofa aici; bhí labhairt agus léamh na Polainnise agus Seirbea-Chróitise aici chomh maith.[1]

Taidhleoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór léi leathnú na heagraíochta ECAT sna 1990idí.[2] Bhí baint aici le bunú Bhínse Fiosraithe na gCoireanna Cogaidh atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Thacaigh sí leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann chomh maith.[2]

Cuimhneachán, Sarajevo

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Madam Secretary (2003)
  • The Mighty and the Almighty: Reflections on America, God, and World Affairs (2006)
  • Memo to the President Elect: How We Can Restore America's Reputation and Leadership (2008).
  • Read My Pins (2009).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]