Éadbhard Brús

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉadbhard Brús
Beathaisnéis
Breith1275 (Féilire Ghréagóra)
Bás14 Deireadh Fómhair 1318 (Féilire Ghréagóra)
42/43 bliana d'aois
Fochaird Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Iarla na Carraige
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceannaire míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogaí Neamhspleáchas na hAlban
Eile
Teideal uasalArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachClann Bhrús Cuir in eagar ar Wikidata
CéileIsabella Shrath Bhalgaidh
Eleanor de Ross Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlexander de Brús, Iarla na Carraige
 ( Isabella Shrath Bhalgaidh)
Thomas de Bruce
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert de Brús  agus Marjorie, Cuntaois na Carraige
SiblínIsabel Brús, Christina Brús, Mary Brús, Raibeart I na hAlban, Alexander de Brus, Nigel de Brus, Thomas de Brus agus Elizabeth Brús

Ard-Rí na hÉireann idir na blianta 1315 agus 1318 ab ea Éadbhard Brús (Edward Bruce) (1280 - 14 Deireadh Fómhair 1318). Albanach, ba deartháir le Roibeard Brús, rí na hAlban, é. Fuair Éadbhard Brús bás sa bhliain 1318 ag Cath Fhochairde i gContae Lú.

Comhthéacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reilig, Fochaird agus uaigh an rí

Eachtra chinniúnach i stair na hÉireann agus i stair na hAlban araon a bhí i gcorónú Eadbhaird ina Ard-Rí Éireann agus ina fheachtas míleata i n-aghaidh thiarnas na nAngla-Normannach in Éirinn.[1]

Ionradh Brús a thugtar ar an bhfeachtas sin a chuir athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus a threisigh le feachtas an neamhspleáchais in Albain ionas gur tháinig chun cinn le himeacht aimsire an dá náisiún ar a dtugtar Éire agus Albain sa lá atá inniu ann.

Reilig, Fochaird agus uaigh an rí

Sa bhliain 13151316, corónaíodh Éadbhard Brús ina ar Éirinn, in aice le Dún Dealgan, b'fhéidir (níl na staraithe cinnte).[2].

Cogaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall an Charghais, sa bhliain 1314, chuir Éadbhard Brús, deartháir Rí na nAlbanach, tús leis an léigear ar Chaisteal Sruighlea, a bhí faoi cheannas Sir Philip Mowbray. Nuair nárbh fhéidir le Éadbhard bua a chur i gcríoch, shocraigh sé comhaontú le Mowbray - mura thagann aon fhaoiseamh roimh Oíche Fhéile Eoin 1314, bheadh air an caisleán a ghéilleadh d'Éadbhard.

Annála Uladh agus scéal ard-rí na hÉireann

An bhliain dár gcionn, tháinig Éadbhard Brús go hÉirinn chun fronta Gael eile a chruthú in aghaidh na Sacsanach. Bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír. Mar shampla, chuir Éadbhard Brús an séipéal i mBaile Átha Fhirdhia trí thine agus an pobal fós istigh ann[3].

I mBealtaine 1316, rinne Éadbhard II Iarla ar Chill Dara de Sheán Mac Gearailt as "dea-sheirbhís" mar cheannaire an airm a chuir i gcoinne ionradh Éadbhaird Brús ar Chill Dara.

Maraíodh Éadbhard Brús ag cath Fhochairde[4] ar 14 Deireadh Fómhair 1318. Bhí an namhad foai stiúir Sir John de Bermingham.

Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Cé gur briseadh ar Eadbhard Brús agus gur maraíodh é sa bhliain 1318, is fada a chuaigh an toradh a tháinig ar an ionradh. Tháinig athrú ar leathnú na nAngla-Normannach in Éirinn agus sa dara leath de na meánaoiseanna, tháinig athbheochan ar litríocht na nGael agus cultúr na nGael faoi bhláth. An tráth céanna, ardú meanma a bhí ann do na hAlbanigh an cath a chur ar na Sasanaigh in Allt nam Breac, rud a réitigh an bealach don náisiún neamhspleách."[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]