Teangacha na Polainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I measc na teangacha na Polainne is í an Pholainnis an teanga is mó a labhraítear sa Pholainn. Is í príomhtheanga na tíre agus í mar mháthairtheanga do isteach is amach ar 98% do dhaonra na Pholainne. Tá stádas mar theanga mhionlaigh náisiúnta ag an Airméinis, an Bhealarúisis, an tSeicis, an Ghearmáinis, an Ghiúdais, an Eabhrais, an Liotuáinis, an Rúisis, an tSlóvaicis agus an Úcráinis. Tá stádas mar theanga mhionlach eitneach ag an Karaim, an Caisiúibis, an Rúiséinis, teangacha na Romainise agus an Tatairis. Bíonn bardais in ann teanga eile a bheith oifigiúil iontu in éineacht leis an bPolainnis. Tá 44 as an 2,478 bhardas dátheangach. Tá 31 bhardas dátheangach Polannais-Gearmáinis, cúig bhardas Polannais-Caisiúibis, ceann amháin Polannais-Liotuáinis, cúig bhardas Polannais-Bealarúisis agus dhá bhardas Polannais-Rúiséinis.

Is é an Béarla an teanga iasachta is mó sa Pholainn agus 29% in ann í a labhairt de réir suirbhé a dhein an Eurobarometer sa bhliain 2005. Is í an Rúisis an tarna teanga iasachta is mó sa tír agus 26% in ann í a labhairt. Is í an Ghearmáinis an tríú teanga is mó agus 19% in ann í a labhairt.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]