Córas díraonacháin theoranta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá bunteorainn le taifeach gach córais optaigh. Deirtear go bhfuil díraonadh teoranta ag córas optach má dhéanann sé íomhánna a bhfuil a dtaifeach uillinneach chomh cruinn le teorainn theoiriciúil na huirlise[1]

Tá taifeach uirlise i gcóimheas le toirt a cuspóra agus i gcóimheas inbhéartaithe le tonnfhad an tsolais atá á scrúdú. I gcás teileascóip a bhfuil cró ciorclach aige, is ionann toirt an ruda is lú in íomhá a bhfuil díraonadh teoranta aici agus méid an diosca Airy (an ball solais is fearr fócas is féidir le lionsa foirfe le cró ciorclach a dhéanamh agus é teoranta ag díraonadh an tsolais). Méadaíonn an díraonadh de réir mar a laghdaítear méid an chró sa lionsa. An díraonadh amháin a chuireann srian leis an gcuid is mó de na lionsaí is nua, fearacht f/22.

Níl teorainn díraonta ann ach san fhadréimse. Is féidir taifeach i bhfad níos airde a fháil le háiseanna gar-réimse a oibríonn níos lú ná tonnfhad amháin solais ó phlána na híomhá.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Max Born & Emil Wolf. Principles of Optics. Cambridge University Press 1997. ISBN 0-521-63921-2