Kate Fagan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKate Fagan
Beathaisnéis
Breith1973
50/51 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sydney Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Sydney Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

File, amhránaí agus acadóir Astrálach is ea Kate Fagan. Bhain sí PhD amach in Ollscoil Sydney le tráchtas ar chleachtadh fileata an fhile Mheiriceánaigh Lyn Hejinian. Faoi láthair tá sí ina léachtóir ann le filíocht. Bhí sí ina heagarthóir ar How2, iris Mheiriceánach ar líne a phléann le filíocht nuálach. Chomh maith leis sin, is amhránaí agus cumadóir amhrán í, agus ghnóthaigh a halbam Diamond Wheel an National Film & Sound Archive Award don Albam Ceol Tíre is Fearr.[1]

Tá muintir Fagan sáite sa cheol tíre agus bhí tionchar mór ag na bailéid thraidisiúnta uirthi. Tá sé ráite aici gur gá di saothar liriciuil a chumadh, is cuma an amhrán nó dán atá i gceist, agus gur dóigh léi gurb é atá sa liriciúlacht ná tuiscint níos géire ar an gceol a cheanglaíonn rudaí le chéile.[2]

Tá mórán dánta foilsithe aici ar irisí agus tá a lán cnuasach curtha amach aici. Dúradh gurb é saintréith a saothair ná teanga bhriste a bhfuil ilghnéitheacht an ghnáthshaoil le fáil inti agus a thaispeánann conas a úsáideann an intinn an teanga chun an taithí úd a athshamhlú.

[3]

Tá Fagan pósta leis an bhfile Astrálach Peter Minter. Tá beirt pháistí acu.

Rogha foilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caibidlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fagan, K. and Minter, P. (2010), 'Murdering Alphabets, Disorienting Romance: John Tranter and Postmodern Australian Poetics', The Salt Companion to John Tranter, Salt Publishing ISBN 9781876857769.

Ailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fagan, K. (2012), 'A fluke? [N]ever!: reading Chris Edwards', Journal of the Association for the Study of Australian Literature
  • Fagan, K. (2009), '”Originals of Revisable Originals”: Sampling and Composting in the Poetry of Peter Minter, Paul Hardacre and Kate Lilley', Angelaki, 9.

Foilseacháin eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2010, 3 Centos: Blackbox Manifold, Vol. 4
  • 2010, “The Correspondence”: Ekleksographia - iris ar líne
  • 2011, Rogha dánta in Thirty Australian Poets
  • 2011, Rogha dánta san iris HEAT
  • 2011, Dán in Spoken in One Strange Word, díolaim d'Fhéile Filíochta Queensland 2011
  • 2010, The Octet Rule
  • 2010, ‘Workman, Honeyeater’: foilsithe in Poems to Share, paca oideachais a rinne an The Red Room Company
  • 2012, ‘Poems by Kate Fagan’ in Fifty-one Contemporary Poets from Australia[4]
  • 2012, First Light
  • 2012, Poems by Kate Fagan

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.katefagan.com/music/music.html Curtha i gcartlann 2014-01-14 ar an Wayback Machine Kate Fagan Diamond Wheel. Aimsithe 29 Meán Fómhair 2013
  2. http://www.argotistonline.co.uk/Kate%20Fagan.htm Curtha i gcartlann 2015-10-28 ar an Wayback Machine Kate Fagan, Argotistonline.co.uk. Aimsithe 27 Meán Fómhair 2013
  3. http://www.leafepress.com/litter1/godwin01/godwin02.html Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine |title=Kate Fagan, The Long Moment. Salt Publishing. 108pp. ISBN 1-876857-39-0 Leafepress.com. Aimsithe 27 Deireadh Fómhair 2013
  4. https://jacket2.org/poems/poems-kate-fagan Poems by Kate Fagan, Jacket2 24 Iúil 2012. Aimsithe 27 Meán Fómhair 2013

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]