Ultrafhuaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá ultrafhuaime d'fhéatas sa bhroinn

Eolaíocht a bhaineann le hultrafhuaim, fuaim ar mhinicíocht thar an raon inchloiste, is é sin níos mó ná 20,000 heirts (20 kHz). Is féidir le madraí ultrafhuaim suas go dtí timpeall 25 kHz a chloisteáil. Baineann an ialtóg feidhm as minicíochtaí i bhfad níos mó chun treorú san aer istoíche is a creach a aimsiú. Baineann deilfeanna feidhm as ultrafhuaim ar an modh céanna faoin bhfarraige.

Is féidir ultrafhuaim a ghiniúint go saorga má dhéantar dromchla nó struchtúr a chrith le minicíocht ultrafhuaime. Déantar a leithéid le criostal písileictreach go hiondúil. Léiríonn criostal mar seo an iarmhairt phísileictreach, ionas go n-athchumtar é nuair a chuirtear voltas trasna air is go ngintear voltas trasna air nuair a athchumtar go meicniúil é. Má chuirtear voltas ailtéarnach ar mhinicíocht ultrafhuaime trasna air, critear an criostal ag an minicíocht sin agus gintear ultrafhuaim san aer mórthimpeall. Is féidir ultrafhuaim a bhrath le criostal písileictreach freisin.

Is féidir léas aontreoch ultrafhuaime a chruthú, agus tá an-chuid d'fheidhmeanna na hultrafhuaime bunaithe ar an airí seo: íomháú sa mhíochaine, tomhas sreabhadh fola sa mhíochaine, tástáil neamh-mhillteach, rabhaidh buirgléara is eile. In íomháú le hultrafhuaim, tarchuirtear léas bíogtha isteach sa cholainn agus frithchaitear cuid bheag den bhíog ag gach teorainn idir fíocháin na colainne. Filleann na bíogmhacallaí go luath ó theorainneacha éadoimhne, níos déanaí de réir doimhneacht na teorann, agus déantar doimhneacht gach teorann a áireamh ón aga ama go bhfilleann an macalla. Déantar na tomhais seo ar feadh gach líne i bplána ar bith, agus uathu sin déantar íomhá den phlána scanaidh sin a thógáil.

Is maith í an ultrafhuaim chun bogfhíocháin na colainne a íomháú, agus de bhrí nach bhfuil aon bhaol ag baint leis an modh íomháithe seo, úsáidtear é go huilíoch anois chun an féatas sa bhroinn a scrúdú, an croí is a chomhlaí, na horgáin uile sa bholg, an tíoróideach, na súile is a lán eile a iniúchadh ón taobh amuigh. Tá na modhanna chun an sreabhadh fola a thomhas le hultrafhuaim bunaithe ar iarmhairt Doppler a tharlaíonn don ultrafhuaim a imbhuaileann le teorainneacha is fíocháin inghluaiste sa cholainn.

Sa rabhadh buirgléara, cruthaítear léas aontreoch ultrafhuaime san aer idir gineadóir is brathadóir ultrafhuaime: má théann an buirgléir isteach sa léas, ní bhraitheann an brathadóir aon ultrafhuaim, agus is comhartha é sin chun clog rabhaidh a chur ar siúl.

Tá feidhmeanna comónta go leor ag ultrafhuaim dhian chomh maith. Is féidir ábhair phlaisteacha a chomhtháthú le chéile le hultrafhuaim dhian. Úsáidtear glantóirí ultrafhuaime chun seodra is trealaimh saotharlainne áirithe a ghlanadh. Tá gléasanna ultrafhuaime a úsáidtear chun plaic sholadach a bhaint d'fhiacla, agus córas ina ndéantar léasanna diana ultrafhuaime a fhócasú ar chlocha sa duán nó mála an domlais chun iad a bhriseadh is a bhaint ina bpúdar sa ghnáthmhodh eisfheartha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ultrasonaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 691.