Nítriceallalós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachNítriceallalós

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachsubstaint phléascach, táthán agus plaisteach
Fionnachtaí nó aireagóirChristian Friedrich Schönbein
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Comhdhúil a dhéantar trí ghníomhú aigéid nítrigh ar chealallós.

Rinne an ceimicí Gearmánach Christian Friedrich Schonbein (1799-1868) é den chéad uair i 1845. Bhí a thréithe pléasctha doláimhsithe ar dtús, gur cuireadh i bhfoirm gunnachadáis é timpeall 20 bliain ina dhiaidh sin.

Nuair a mheasctar le nítriglicrín é, feidhmíonn an meascán mar phríomhchomhábhar i bpléascáin réabtha is tiomáintigh.

Ar feadh blianta fada baineadh úsáid as foirmeacha áirithe níotráit chealallóis nach raibh chomh hinlasta sin i ndéanamh plaisteach, agus mar bhun scannán fótagrafach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Nítriceallalós". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 485.