F-uimhir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa ghrianghrafadóireacht, córas uimhriúil chun cur síos ar mhéid coibhneasta an chró i gceamara, agus mar sin an méid solais a tharchuirtear don scannán, is an nochtadh, a rialú i gcomhar le luas an chomhla. Is ionann an f-uimhir is fad fócasach an lionsa, roinnte ar thrastomhas an chró (cinntithe ag oscailt an tseallspiara). Ciallaíonn f-uimhir bheag cró mór. Más é 100 mm fad fócasach an lionsa, agus más crónna 50 mm is 12.5 mm a úsáidtear, beidh f-uimhreacha f/2 is f/8 ann. Nuair a mhéadaítear an f-uimhir tríd an gcró a chéimniú síos, laghdaíonn sé seo an méid solais a tharchuirtear agus méadaíonn an doimhneacht réimse. Is é an gnáthraon f-uimhreacha ná f/1.4-32 in incrimintí a laghdaíonn an solas tarchurtha go leanúnach faoina leath, i sraith mar seo: f/1.4, f/2, f/2.8, f/4, f/5.6, f/8, f/11, f/16, f/22, f/32.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "F-uimhir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 294.