Amelia Earhart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAmelia Earhart

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Amelia Mary Earhart Otis
Beathaisnéis
Breith24 Iúil 1897
Atchison, Kansas Cuir in eagar ar Wikidata
Ar iarraidh2 Iúil 1937 Cuir in eagar ar Wikidata, An tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Eanáir 1939
41 bliana d'aois
Oileán Howland, SAM, i ngar dó Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia (1919–1920)
St. Paul Central High School (en) Aistrigh (1915–1916)
Hyde Park Academy High School (en) Aistrigh (–1916) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeitleoir, iriseoir, gníomhaí ar son chearta na mban, scríbhneoir ábhar taistil, údar cuimhní cinn, aviation writer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Purdue Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtFirst-wave feminism (en) Aistrigh
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
13 Lúnasa 19291929 Women's National Air Derby (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGeorge P. Putnam (1931–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEdwin Stanton Earhart  agus Amelia Otis
Croineolaíocht
lost at sea (en) Aistrigh
unexplained disappearance of a human (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinameliaearhart.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0247208 Musicbrainz: e20f9652-e510-4cd7-9107-15e377e563c7 Discogs: 3893565 Find a Grave: 2574 Cuir in eagar ar Wikidata
5 Márta 1935

Eitleoir a rugadh in Atchison, Kansas ab ea Amelia Mary Earhart (24 Iúil 1897 - 2 Iúil 1937). B'í an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, i dtús mar phaisinéir (1928), agus ina haonar i 1932.[1]

Eitilt trasatlantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1928, chuaigh Amelia le beirt phíolótaí eile trasna an Atlantaigh.

Ar an 20 Bealtaine 1932, d’imigh sí ó Thalamh an Éisc i gCeanada ar bord eitleán beag dearg, an Lockheed Vega 5B. Bhí sí ag iarraidh eitilt an bealach ar fad go Páras sa Fhrainc. Bhí aimsir scamallach ann, ag cur seaca agus ag stealladh báistí go minic. Cé go raibh turas crua aici a thóg beagnach 15 uair an chloig, d’éirigh léi eitilt trasna an Atlantaigh ach níor thuirling sí i bPáras ach i nDoire, an lá dár gcionn, ar 21 Bealtaine.[2]

Mar sin, b'í Earhart an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, eitilt a mhair 14 uaire, 54 nóiméad. Thuirling sí i mBaile Arnóid, An Teampall Mór, Doire.

i nDoire

Eachtraí agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eitil Earhart ó Honolulu go California i 1935.

Bhí plean ag Earhart eitilt timpeall an domhain ar fad. Sa bhliain 1937, agus í ag tarraingt ar 40 bliain d’aois, chuaigh Amelia agus píolóta eile darbh ainm Frank Noonan ar bord eitleán eile, an Lockheed Electra 10E. D’éirigh go breá leo ar dtús. Taobh istigh de 40 lá bhí 35,000 ciliméadar déanta acu. Ní raibh ach 11 000 ciliméadar eile le déanamh acu. Ar 2 Iúil 1937, d’fhág siad an Nua-Ghuine, cóngarach don Astráil. Ach go gairid tar éis sin tharla tubaiste éigin san Aigéan Ciúin. Cailleadh an t-eitleán áit éigin thar an bhfarraige mhór.[3]

Lárionad Amelia Earhart i ngar do Dhoire Cholm Cille

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Childrens Books Ireland. "David Lowe - Amelia Earhart (as Gaeilge)" (ga). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  2. Nuair a tháinig Earhart amach as an eitleán i bpáirc lán d’ainmhithe, chuir sí ceist ar fhear a bhí sa pháirc: ‘Cá bhfuil mé?’ ‘Tá tú i bpáirc Uí Ghallchóir!’ a dúirt sé agus d’fhan Amelia ag muintir Uí Ghallchóir an oíche sin
  3. COGG.ie. "Amelia Earhart". Dáta rochtana: 2020.