Champlevé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Champlevé

‘Réimse ardaithe’, teicníocht cruanta ar mhiotal ina ndéantar an íomhá a ghreanadh as dromchla an mhiotail ar dtús. Ansin líontar an íomhá seo le taois gloiní de dhathanna éagsúla roimh an iomlán a fhaghairt i bhfoirnéis. Bhí sé an-choitianta sa Mheánaois, agus táirgeadh é ar scála beagnach tionsclaíoch i Limoges na Fraince.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Champlevé". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 131.