Bonn (roth)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bonn

Adhartán ciorclach a bhíonn greamaithe le fleasc rotha chun creathanna feithicle de bharr athruithe ar dhromchla an bhóthair a mhaolú is an t-aistear a dhéanamh compordach. Is boinn aeir an chuid is mó díobh anois, feadáin sholúbtha iontu agus iad séidthe is stalctha le haer faoi ardbhrú. I gcuid díobh bíonn feadán inmheánach. Déantar an chuid is mó de na boinn as cuingir chomhshuite de rubar, uigí (níolóin nó poileistear) is ceimiceáin eile. Cheap Robert William Thompson an bonn aeir agus fuair paitinn air i 1845. Ach lean boinn rubair sholadaigh go forleathan go dtí 1888 nuair a rinne John Boyd Dunlop boinn aeir a bhí cosúil le boinn an lae inniu, agus d'éirigh leis iad a úsáid go rathúil ar an rothar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bonn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 83.