Bád cútach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard atá sa bhád cútach (“couta boat”) saghas báid seoil a bhaineann le Victoria na hAstráile, timpeall Sorrento agus Queenscliff and feadh cósta thiar Victoria chomh fada siar le Portland. Bhí á húsáid mar bhád iascaigh ó thimpeall na bliana 1870 anuas go dtí caogaidí an fichiú haois. Bhí sí láidir agus luath agus bhí acmhainn mhaith farraige aici.

Bhíodh tóir ar an mbaracútach (“barracouta” - "Thyrsites atun"), iasc nach bhfuil gaol aige leis an mbaracúdach. Chuir comharchumainn cuótaí ar bun chun smacht a choinneáil ar phraghsanna, rud a d’fhág go raibh gá le bád a bhainfeadh an chreach agus an caladh amach gan mhoill. Rachadh na báid amach chun na meá roimh bhreacadh an lae, trí bhealach Phort Philib go minic, caolas garbh a dtugtar An Sruth ("The Rip") air. Nuair a fuair na hiascairí a gcion den iasc d’fhillfidís ar an gcaladh ar an dá luas chun an praghas ab fhearr a fháil.

Déanamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne roinnt tógálaithe speisialtacht den bhád cútach. Is annamh a bhainfidís feidhm as plean, agus dhéanfaí an bád de réir riachtanais an iascaire agus de réir an phraghas ab acmhainn dó. Dhéanadh cuid de na tógálaithe seolta chomh maith. B’fhurasta do na hiascairí báid na dtógálaithe difriúla a aithint thar a chéile. D’fhéadfadh beirt fhear bád cútach sé troigh is fiche a dhéanamh agus a rigeáil i gceann cúig seachtaine. Bhí nós ag roinnt tógálaithe triail a bhaint as modhanna éagsúla tógála chun na báid ab fheidhmiúla a sholáthar.[1]

Báid chlinse ba ea na chéad bháid chútacha. Ba dheacair na cláir a phéinteáil agus dhéanfadh na báid uisce de bharr lúbadh an adhmaid. Dá bhrí sin tosaíodh ag déanamh báid shleamhaine ón gcéad chuid den fhichiú haois amach.

Bhaintí feidhm as cláir fhada gan bhunailt. Dhéantaí iad a nascadh leis na heasnacha le tairní copair a bhíodh bharrtha nó sheamaithe ar an taobh istigh. Bheadh cúig ceintiméadar déag idir na heasnacha agus bheidís idirscáinte sa chíle. Dhéantaí an chíle de shearra agus í timpeall chúig chiliméadar déag ar leithead chun go bhféadfaí cás pláta láir a chur inti. Bhíodh tochta ag ceann an cháis lena neartú. [2]

Bhíodh na báid líneáilte síos go dtí pointe díreach faoi bhun an urláir. Bhíodh ballasta barraí cruach ar iompar acu ar gach taobh de chás an phláta láir.

Chalctaí cláir na deice le cadás agus líontaí na siúntaí le pic. Chuirtí cruth leathchiorclach ar na cómainní le gal agus threisídís an deic. Bheadh na chabhail ag tabhairt go tréan ar dtús toisc nach mbeadh sí calctha, agus d’fhágfaí í faoi uisce ar feadh roinnt laethanta nó go mborrfadh an t-adhmad.[3]

Rige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rige lug a bhíodh ar na báid chútacha ba shine: bhíodh an chleith crochta taobh leis an gcrann agus an tríú cuid den chleith ag gobadh chun tosaigh. Bheadh ar na hiascairí an chleith a ísliú agus a thabhairt timpeall an chrainn dá mbeadh an bád ag bordáil. Théadh na scriútaí suas go dtí barr an chrainn chun nach mbacfaí an cleith. Ní bhíodh ach háilléar amháin ar an gcleith.

Tháinig an rige geaifil timpeall thús an fichiú haois. Bhí sé níos casta ná an rige lug ach níorbh éigean é a ísliú agus bordáil ar siúl mar bhí ladhar ar an gcleith. I gceann tamaill cuireadh coiléar iarainn (“tub”) in áit an ladhair agus thógtaí é le háilléar tróit. B’fhéidir an chleith a thabhairt ar uillinn níos airde mar sin agus b’fhéidir an seol mór a shocrú níos éifeachtaí, rud a lig don bhád baint níos mó den ghaoth.[4]

Crainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuirfí an crann sa cheap tró siar ón tosach chomh fada leis an tríú cuid d’fhad an bháid: is ionann airde an chrainn agus fad an bháid. Bheadh dhá phéire scriútaí ann, péire a rachadh suas go dtí barr an chrainn (na cinn uachtaracha) agus péire a bheadh ceangailte den chrann os cionn an choiléir (na cinn íochtaracha).

Rachadh an stagh tosaigh síos go dtí ceann an chrainn spreoide. Rachadh cuar anuas sa chrann úd agus bobstae aige a rachadh síos go tosach na cabhlach díreach os cionn an uisce. Ar ba báid ba mhó bheadh staghanna taoibh ag an gcrann spreoide.[5]

Seolta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraingítí an seol cinn amach go dtí ceann an chrainn spreoide ar fháinne miotail , agus b’fhéidir é a shocrú de réir chóimheá an bháid.

De ghnáth bheadh an seol mór lásáilte leis an gcleith agus leis an gcrann, ach ba mhinic bunscaoilte é. Bheadh dó nó trí de shraith ribíní air. Bhíodh cúpla troigh de starradh ag an mbumaile os cionn an deiridh, agus bhíodh frídeoir an scóid mhóir ceangailte de bharra leathan transaim.

Bheadh dó nó trí de sheolta móra ann agus trí sheol cinn ar a laghad. Orthu sin bheadh jib bheag stoirme a dtugtaí “spitfire” uirthi. [6]

An lá inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh na báid chútacha as faisean i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda: bhí na báid nua níos toirtiúla agus bhí innill iontu. Faoi lár na seascaidi ní raibh ach beagán bád cútach faoi rige traidisiúnta le fáil.

I lár na seachtóidí thosaigh scata beag díograiseoirí ag cur suime sna báid chútacha. Thug siad faoi sheanbháid a cheannach agus a chóiriú. Bhí cabhlacha le fáil i gclóis agus i marbhuisce ar feadh an chósta theas, agus de réir a chéile chuaigh siad i nganntanas. Faoi na hochtóidí bhí báid chútacha nua á dtógáil agus éileamh orthu mar bháid phléisiúir.[7] Tá club cútach in Queenscliff agus ceann eile in Sorrento.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Couta Boat, lch 6
  2. The Couta Boat, lch 4
  3. The Couta Boat, lch 5
  4. The Couta Boat, lch 7
  5. The Couta Boat, lgh 7-10
  6. The Couta Boat, lch 10
  7. The Couta Boat, lgh 13-14

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Couta Boat: A History. Queenscliffe Lifeboat Preservation Society Inc. (gan dáta).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]