Aigéid shailleacha il-neamhsháithithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saill sa chothú a chuimsíonn gliocról cuingrithe le 3 aigéad sailleach, ar tríghlicríd an móilín iomlán. Is féidir le haigéid shailleacha a bheith sáithithe, monaineamhsháithithe, nó il-neamhsháithithe, ag brath ar líon na nasc carbón-carbón iontu nach bhfuil sáithithe le hadaimh hidrigine. De réir mar a mhéadaíonn líon na nasc mar seo atá neamhsháithithe, is amhlaidh a éiríonn an tsaill níos il-neamhsháithithe. Bíonn saill il-neamhsháithithe leachtach ag teocht an tseomra, agus déantar í a hidriginiú ar bhonn tionsclaíoch chun saill chrua níos sáithithe a tháirgeadh le húsáid i gcuid mhaith margairíní. Má tá dóthain den tsaill il-neamhsháithithe sa chothú, cabhraíonn sé leis an leibhéal colaistéaróil sa bhfuil a choimeád i gceart. Bíonn na holaí muirí is an chuid is mó de na holaí plandúla lán d'aigéid shailleacha il-neamhsháithithe (ach eisceachtaí is ea ola phailme is ola cnó cócó). Is é aigéad líonailéach an príomhaigéad sailleach mar seo sa nádúr, agus is comhábhar bunúsach é seo sa chothú daonna (ceann de na haigéid riachtanacha shailleacha). Tá gá leis i sintéisiú an aigéid aracadónaigh is na bprostaglaindiní, agus ní fhaightear é ach ó olaí plandúla. Is gá go mbeidh timpeall 3% den ionghabháil laethúil dhaonna aigéid shailligh i bhfoirm aigéid líonailéigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aigéid shailleacha ilneamhsháithithe (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 17.