Maigh Dheilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaigh Dheilge

Suíomh
Map
 52°09′50″N 7°45′00″W / 52.16391°N 7.75007°W / 52.16391; -7.75007
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Phort Láirge
Áit lonnaitheNa Déise lasmuigh den Drom Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie2413

Paróiste sibhialta, paróiste Caitliceach Rómhánach[1], toghroinn agus sráidbhaile in iarthar Chontae Phort Láirge in Éirinn is ea Má Dheilge (Béarla: Modeligo, Magh DheilgeMaigh Dheilge[2] i nGaeilge tráth).

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an bhéaloidis, ba é Naomh Deaglán a chéadbhaistigh "Magh Dheilge" ar an gceantar nuair a ghortaigh sé a mhéar agus é ag gabháil thart.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá íarsma de thrí chaisléan sa pharóiste. Tógadh Caisleán a' tSlé sa chéad leath den 15ú aoise agus b'ann a chónaigh taoiseach clann Mac Craith, Pilib sular tógadh Caisleán na Slaodaí sa bhliain [1628].

Limistéar Mhá Dheilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailte Fearann Paróiste Sibhialta Mhá Dheilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 45 Baile Fearainn sa tsean-pharóiste sibhialta Mhá Dheilge agus 7,495 acra (3,033 heicteár) ann:

Uimhir Baile Fearainn Béarla Acra Toghlimistéar Áitiúil Toghroinn Paróiste Sibhialta
1 An Carragán (Mansfield) Carrigaun (Mansfield) 189 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
2 An Gleann Íochtarach Glen, Lower 125 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
3 An Gleann Uachtarach Glen, Upper 96 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
4 An Lios Rua Lisroe 238 Dún Garbháin Magh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
5 Baile an Bhiocáire Theas Vicarstown, South 164 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
6 Baile an Bhiocáire Thuaidh Vicarstown, North 136 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
7 Baile Uí Chéirín Íochtarach Ballykerin, Lower 125 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
8 Baile Uí Chéirín Méanach Ballykerin, Middle 183 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
9 Baile Uí Chéirín Uachtarach Ballykerin, Upper 235 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
10 Caisleán a tSlé Theas Mountaincastle, South 184 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
11 Caisleán a tSlé Thuaidh Mountaincastle, North 165 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
12 Carraig an Fhiolair Eaglehill 215 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
13 Ceathrú an Chaisleáin Castlequarter 64 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
14 Cill Liath Killeagh 157 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
15 Cnoc an Cheatharnaigh Knockacaharna 310 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
16 Cnocán na gClócaí Knockaunnaglokee 205 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
17 Currach na Slaodaí Sleadycastle 77 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
18 Tigh na Coille Woodhouse 104 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
19 Tigh na laidhre Tinalira 307 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Maigh Dheilge
20 An Baile Nua Newtown 172 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
21 An Carragán (Hely) Carrigaun (Hely) 73 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
22 An Cúl Rua Coolroe 125 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
23 An Doire Íochtarach Derry, Lower 157 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
24 An Doire Uachtarach Derry, Upper 157 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
25 An Garrán Íochtair Garraun, Upper 68 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
26 An Garrán Uachtair Garraun, Lower 141 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
27 An Ghráig Bheag Graigue Beg 99 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
28 An Ghráig Mhór Graigue, More 195 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
29 An Pháirc Mhór Parkmore 63 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
30 Bán na bhFionnóg Bawnnavinnoge 235 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
31 Bóthar a' Mhuillinn Boherawillin 289 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
32 Ceathrú an Teampaill Churchquarter 103 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
33 Cnoc an Gharráin (Sergeant) Knockgarraun (Sergeant) 59 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
34 Cnoc an Gharráin (Hely) Knockgarraun (Hely) 109 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
35 Cnoc na gCaorach Knocknageragh 54 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
36 Gráig an Bhurra Graigueavurra 203 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
37 Scairt Mhaighe Dheilge (Hely) Scart (Hely) 95 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
38 Scairt Mhaighe Dheilge (Sergeant) Scart (Sergeant) 76 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
39 Sliabh na Scairte Scartmountain 1209 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
40 Stéig Bhrád Staigbraud 53 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
41 Tigh an tSrutháin Brooklodge 52 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
42 Tigh na Carraige Rockfield 131 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) Maigh Dheilge
43 Baile na gCléireach Ballynagleragh 70 Dún Garbháin Seisceannán Maigh Dheilge
44 Linn an Fhuaráin Laganoran 161 Dún Garbháin Seisceannán Maigh Dheilge
45 An Tuar Toor 67 Lios Mór ? Maigh Dheilge
Iomlán 7,495

Bailte Fearann Paróistí Sibhialta Eile i dToghroinn Ceantair Mhá Dheilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a cruthaíodh na Toghranna Ceantair éagsúla sa bhliain 1838, áiríodh dhá bhaile fearainn ó pharóiste shibhialta Mhá Dheilge i dToghroinn Ceantair Sheisceannáin (Linn an Fhuaráin agus Baile na gCléireach, 231 acra). Áiríodh na bailte fearann eile i bparóiste sibhialta Mhá Dheilge i dToghroinn Ceantair nua Mhá Dheilge mar aon le 11 baile fearainn ó pharóiste shibhialta eile:

Uimhir Baile Fearainn Béarla Acra Toghlimistéar Áitiúil Toghroinn Paróiste Sibhialta
1 An Cheathrú Gharbh Carrowgarriff 150 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Coilligeán
2 An Cheathrú Gharbh Bheag Carrowgarriff Beg 145 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Coilligeán
3 An Cheathrú Gharbh Mhór Carrowgarriff More 321 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Coilligeán
4 Cnoc an Phaoraigh Íochtarach Knockanpower, Lower 471 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Coilligeán
5 Cnoc an Phaoraigh Uachtarach Knockanpower, Upper 358 Dún Garbháin Maigh Dheilge (Dún Garbháin) Coilligeán
6 An Baile Árd Ballyard 84 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) An Teampall Geal
7 Baile Nicoláis / Baile na Tóna Nicholastown 46 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) An Teampall Geal
8 Baile Uí Cháin Ballyhane 133 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) An Teampall Geal
9 Cill Chloithir / Cill Cluthmhar Kilclogher 222 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) An Teampall Geal
10 Clais na gCoiníní Clashnaboneen 247 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) An Teampall Geal
11 Maigh Gheithe Magaha 312 Lios Mór Maigh Dheilge (Lios Mór) An Teampall Geal

Bailte Fearann Paróiste Sibhialta Leic Dhobhráin i bParóiste Caitliceach Rómhánach Mhá Dheilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Paróiste Caitliceach Rómhánach Mhá Dheilge i gcomhcheangal le Paróiste Caitliceach Rómhánach Ádh Mheáin agus, gan aon stádas sibhialta, níl teorainneacha an aontais leagtha amach chomh daingean is atá teorainneacha an tsean-pharóiste shibhialta nó an Toghranna Ceantair. É sin ráite, mar aon le cuid mhaith de na bailte fearann thuas, tá baint ag cuid mhaith de na bailte fearann seo leanas atá i bparóiste sibhialta Leic Dhobhráin le Paróiste Caitliceach Rómhánach Mhá Dheilge:

Uimhir Baile Fearainn Ainm Malartach Béarla Acra Toghlimistéar Áitiúil Toghroinn Paróiste Sibhialta
1 Broe (Leic Dhobhráin) Broemountain (Lickoran) 387 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin
2 Deighric Dyrick 244 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin
3 Fearnán Íochtarach Farnane, Lower 594 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin
4 Fearnán Uachtarach Farnane, Upper 233 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin
5 Ladhar Aitinn Lyrattin 594 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin
6 Leic Dhobhráin Leic Uaráin Lickoran 215 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin
7 Sliabh Leic Dhobhráin Sliabh Leic Uaráin Lickoran Mountain 96 Lios Mór Béal na Molt Leic Dhobhráin

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Scoil Náisiúnta Mhá Dheilge sa bhliain 1867, ach téann traidisiúin na scolaíochta sa pharóiste níos faide siar. De réir tuarascála an Choimisiúin Ríoga a cuireadh ar bun sa bhliain 1832, bhí ceithre scoil sa pharóiste ag an am agus 343 dalta cláraithe iontu – idir 230 buachaill agus 113 cailín.[3]

Ar an gcéad lá de mhí Iúil 1867, chuaigh ceann de na scoileanna sin, Scoil Mhagh Dheilge, faoi choimirce Córas na Scoileanna Náisiúnta. Dhún na scoileanna eile agus as sin amach d'fhreastail Scoil Náisiúnta Mhá Dheilge ar an bpobal áitiúil.[4]

Tógadh príomhfhoirgneamh scoil an lae inniu sa bhliain 1958. Ar dtús ní raibh ach dhá sheomra ranga agus beirt mhúinteoirí sa scoil. Tógadh seomra eile ranga agus seomra ilfhóinteach sa bhliain 1979, agus leabharlann/seomra ríomhaireachta sa bhliain 1998. Sa la atá inniu ann (Eanáir 2008) tá triúr múinteoirí agus cúntóir riachtanas spesialta amháin sa scoil agus 72 dalta a múinteoireacht acu.

Is mór an difríocht idir saol dalta an lae inniu agus dalta na seanscoile a tógadh sa bhliain 1830 agus a leagadh sna h80í. Bhí dhá urlár sa tseanscoil. Bhí na buachaillí ar an mbunurlár agus na cailíní ar an gcéad urlár. Bhí seacht mbinse i scoil na mbuachaillí agus sé mbinse i scoil na gcailiní agus iad go léir deich dtroigh ar fad. I mí Lúnasa 1869, bhí 254 dalta cláraithe sa scoil, idir 120 buachaill agus 134 cailín cé gurbh iondúil 187 dalta a bheith i láthair sna sé mhí roimhe sin.[5]

Líon na ndaltaí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Mhá Dheilge:

Bliain Buachaillí Cailíní Iomlán
1871 45 47 92
1881 30 35 65
1891 46 32 78
1922 36 43 79
1937 35 34 69
1946 31 32 63
1954 41 19 60
1968 21 27 48
2003 51
2007 72

Creidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá eaglais Chaitliceach sa pharóiste, Eaglais Naomh Mhuire, a tógadh sa bhliain 1816. Tá fothracha de shean-eaglais gar de ach níl aon eolas faoi. Tá tobar beannaithe suite tamall gearr ón eaglais i gCnoc an Ghéaráin. Tugtar Tobar Mhuire nó Lady's Well ar an tobar.

Spórt agus Áiseanna Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirc imeartha an phobail, seomraí feistis agus ionad an phobail suite in aice le Abhainn an Fhinnisc thíos an bhóthair ón eaglais Chaitliceach. Thosaigh ar fhorbairt na páirce imeartha sa bhliain 1988 agus imríodh an chéad chluiche an bhliain dár gcionn. Tógadh an t-ionad agus na seomraí fesitis idir 1991 agus 1992. Osclaíodh go hoifigiúil iad sa bhliain 1994. Sa bhliain 1998, osclaíodh síneadh nua a bhfuil stáitse ann.[6]

Tá cúirt liathróid láimhe suite in aice na heaglaise chomh maith. Níl an chúirt, a tógadh sa bhliain 1935, in úsáid a thuilleadh.

Cumann Lúthchleas Gael Mhá Dheilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athbhunaíodh Cumann Lúthchleas Gael Mhá Dheilge sa bhliain 1977. Bunaíodh cumann ar dtús sna 40 í ach theip air.[7] Tá na gradaim seo leanas ag an gcumann:

  • Curaidh Peil Shóisearach an Iarthair: 1986, 1990, 1992, 1996, 2007
  • Curaidh Peil Shóisearach an Chontae: 1996
  • Curaidh Iománaíocht Shóisearach 'B' an Iarthair: 1986, 1991,
  • Curaidh Iománaíocht Shóisearach an Iarthair: 2008
  • Curaidh Iománaíocht Shóisearach an Chontae: 2008

Cumann Lúthchleas Gael Naomh Bríd[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1986, tháinig C.L.G. Mhá Dheilge agus C.L.G. Naomh Mhuire/Sliabh gCua le chéile agus bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael Naomh Bríd. Téann C.L.G. Naomh Bríd san iomaíocht i gcomórtais faoi sé bliana déag amháin. Roimhe seo, bhíodh deacreachtaí ag an ndá chumann foireann iomlán a sheoladh ar an bpáirc imeartha. Seo leanas gradaim an chumainn go dtí seo:

  • Curaidh Iománaíocht an Iarthair faoi 12: 1988, 2004, 2010
  • Curaidh Pheil an Iarthair faoi 16: 1989, 1995, 1998
  • Curaidh Iománaíocht Mhionúrach an Iarthair: 1990, 1994
  • Curaidh Pheil Mhionúrach an Iarthair: 1990, 1991
  • Curaidh Craobhchomórtas Mionúrach Phort Láirge: 1991
  • Curaidh Pheil an Iarthair faoi 14: 1992
  • Curaidh Iománaíocht an Iarthair faoi 16: 1994, 1995, 2001, 2006
  • Curaidh Pheil an Iarthair faoi 12: 1995, 1996, 1997, 2002, 2005
  • Curaidh Iománaíocht Talún an Iarthair faoi 11: 2002, 2006, 2007
  • Curaidh Iománaíocht an Chontae faoi 12: 2004, 2010
  • Curaidh Pheil an Chontae faoi 12: 2005

Daoine mór le rá[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Donnchadh Ruadh Mac Conmara (1715–1810) – Faoi 1741, bhí scoil ar bun aige i gCarraig an Chodlata i Maigh Dheilge
  • Francis Hearne (1747–1801) – Diagaire caitliceach agus saoi teangacha as Doire i Maígh Dheile é. Bhí tionchar aige ar litríocht na bPléimeannaach.
  • Patrick Denn (1756–1828) – múinteoir agus file as an gChúil Rua i Maigh Dheilge é. Foilsíodh an leabhar The Catholic Children's Religious Primer sa bhliain 1858 agus Eachtra an bháis sa bhliain 1899.
  • John O'Daly (1800–1878) scríbhneoir, eagarthóir, scríobhaí, file, díoltóir leabhar, foilsitheoir agus bailitheoir lámhscríbhinní. B'as Fearnán ó dhúchas é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tugtar Paróiste Mhá Dheilge agus Ádh Mheáin ar an bParóiste Caitliceach Rómhánach
  2. De réir logainm.ie ach táim amharasach faoi. Is dóchúla gur seantuiseal tabharthach atá i gceist le maigh
  3. Phelan, Micheál (1995), Modeligo/Affane Travelling in time Midleton, Co. Cork: Litho Press Co.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-18. Dáta rochtana: 2012-12-26.
  5. Phelan, Micheál (1995), Modeligo/Affane Travelling in time Midleton, Co. Cork: Litho Press Co. ach féach uimhir na ndaltaí atá cláraithe sa scoil sa bhliain 1871 sa tábla thuas de réir na foinse céanna.
  6. http://modeligo.tripod.com/modeligocommcentre.html[nasc briste go buan]
  7. http://modeligo.tripod.com/modeligogaa.html[nasc briste go buan]