Tréithe fisiceacha Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá go leor eolais againn ar thréithe fisiceacha Mharsa. Tá an t-atmasféar an-tanaí agus bíonn Mars an-fhuar de ghnáth, le meánteocht 55 chéim Celsius faoin nialas, ach is féidir leis an teocht ardú in áiteanna go 27 céim Celsius os cionn an nialais i rith an tsamhraidh. Creidtear go raibh an-chuid uisce ar an dromchla tráth mar gheall ar an síonchaitheamh agus ar an gcreimniú atá le feiceáil go soiléir ar an tírdhreach.

Tá dhá mionghealach ag Mars, atá ainmnithe as na cúnna cogaidh a bhí ag dia an chogaidh; Phobos agus Deimos. Tá na gealacha seo i bhfad níos lú ná ár nGealach féin i gcomparáid leis an bpláinéad atá siad a thimpeallú. Níl iontu ach cnapáin mhírialta charraige agus uisce, agus creidtear gur astaróidigh ab ea iad ar dtús, go dtí gur cheap réimse imtharraingthe Mharsa iad. An ceann acu is cóngaraí do Mhars, mar atá, Phobos, tá sé ag cailleadh airde in imeacht na mílte bliain, de thoradh na bhfórsaí taoide. Creidtear, áfach, go streachlóidh na fórsaí céanna as a chéile é i bhfad sula mbuailfidh sé dromchla Mharsa.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tréithe na Fithise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ais leathmhór: 227,936,637 gciliméadar, 1.52366231 aonad réalteolaíoch

Imlíne na fithise: 1.429 Tm

Éalárnacht na fithise: 0.09341233

Peirihéilean (garphointe don Ghrian): 206,644,545 km, 1.38133346 aonad réalteolaíoch

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian): 249,228,730 km, 1.66599116 aonad réalteolaíoch

Tréimhse fhithiseach (réaltbhliain): 686.9600 lá

Tréimhse shionadach (grianbhliain): 779.96 lá

Meánluas fithiseach: 24.077 km/s

Uasmhéid an luais fhithisigh: 26.499 km/s

Íosmhéid an luais fhithisigh: 21.972 km/s

Claonadh: 1.85061°

Fad an nóid éirithigh: 49.57854°

Argóint an pheirihéilin: 286.46230°

Satailítí nádúrtha: dhá cheann

Tréithe fisiceacha an phláinéid féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trastomhas meánchiorclach: 6,804.9 km

Trastomhas polach: 6,754.8 km

Oblátacht: 0.00736

Achar an dromchla: 1.448×108 km2

Toirt: 1.6318×1011 km3

Mais: 6.4185×1023 kg

Dlús (meán): 3.934 g/cm3

Imtharraingt mheánchiorclach: 3.69 m/s2

Treoluas éalaithe: 5.027 km/s

Tréimhse rothlaithe: 1.025957 lá (24.622962 h)

Luas rothlaithe ag an meánchiorcal: 868.22 km/h

Claonadh na haise: 25.19°

Ceartairde (ceartéirí, dronairde, dronéirí) an Phoil Thuaidh: 317.68143° (21 h 10 min 44 s)

Diallas: 52.88650°

Ailbéideacht: 0.15

Teocht ar an dromchla:

  • íosmhéid: 133 K(-140 C)
  • meán: 210 K (-63 C)
  • uasmhéid: 293 K (20 C)

Tréithe fisiceacha an atmaisféir[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-atmaisféar

Brú an atmaisféir: 0.7-0.9 kPa

Dé-ocsaíd charbóin: 95.32 %

Nítrigin: 2.7 %

Argón: 1.6 %

Ocsaigin: 0.13 %

Aonocsaíd charbóin: 0.07 %

Gal uisce: 0.03 %

Aonocsaíd nítrigine: 0.01 %

Neon: 2.5 milliúnú cuid

Crioptón: 300 billiúnú cuid

Xeanón: 80 billiúnú cuid

Ózón: 30 billiúnú cuid

Meatán: 10.5 billiúnú cuid