Hamilton, Victoria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilHamilton, Victoria

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°44′00″S 142°01′01″E / 37.7333°S 142.017°E / -37.7333; 142.017
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighShire of Southern Grampians (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán9,974 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde189 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3300 Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i Victoria Thiar, san Astráil, is ea Hamilton.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Hamilton in áit a raibh trí chríoch Bhundúchasacha teorainn ar theorainn le chéile - críoch na nGunditjmara agus í ag síneadh ó dheas chun an chósta, críoch na dTjapwurong thoir thuaidh agus críoch na mBunganditj thiar. B'fhearr leis na treibheanna sin fanacht ina aon áit amháin ná a bheith ar an bhfán. Talamh méith a bhí ann agus neart uisce ann, rud a d'fhág go raibh teacht gan dua ar bhia. Thug na chéad Eorpaigh cuntas ar na háiteanna lonnaithe a bhí ann, scéal a gcuireann an béaloideas Bundúchasach údarás leis, gan trácht ar a bhfuil de choraí agus de ghaistí éisc i Loch Condah.

Comhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 12 Meán Fómhair 1836 tháinig an Maor Thomas Mitchell, an chéad Eorpach a bhain amach an limistéar sin. Thug sé 'Australia Felix' ar an gcuid sin d'Iarthar Victoria, rud a mheall grásaeirí chun na háite lena gcuid caorach. Faoin mbliain 1839 bhí a lán lonnaitheoirí Eorpacha ann. Orthu sin bhí muintir Wedge agus réimse caorach acu darbh ainm 'The Grange' san áit a bhfuil baile mór Hamilton anois.

Ba ghearr go raibh na grásaeirí agus na Bundúchasaigh ag dul in adharca a chéile. Sheas na Bundúchasaigh an fód i gcoinne na nEorpach a bhí ag cúngú ar a dtailte agus rinne siad caoirigh a chreachadh. Dúnmharaíodh a lán acu dá bharr. Ar 8 Márta 1840 rinne na deartháireacha Whyte, William, George, Pringle, James agus John, sléacht ar fhiche bean fear agus páiste ar a laghad ar réimse caorach Konongwootong.[1][2]

Thug an Gobharnóir Charles La Trobe cuairt ar an limistéar sa bhliain 1841 agus thóg ceann den achrann, rud a thug air Acheson French a cheapadh mar ghiúistis póilíneachta ann. Tugadh constábla agus roinnt marc-phóilíní isteach, agus thóg daoránaigh ó Phortland teach don ghiúistís agus beairic do na póilíní san áit a bhfuil an teach cúirte agus an stáisiún póilíneachta anois ar Shráid Martin agus Shráid Thompson.

Cuireadh tearmann ar bun do na Bundúchasaigh, rud a chuir colg ar na grásaeirí, agus níor cuireadh deireadh leis an gcomhrac nó gur ordaigh La Trobe do Choimisinéir Portland, do na póilíní teorann agus do na póilíní Bundúchasacha The Grange a bhaint amach. Dá bhrí sin agus de bharr galracha Eorpacha agus dhíláithriú na mBundúchasach, lagaigh an chuid ba mhó den troid.

Bunú an bhaile mhóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhás an baile mór toisc go raibh The Grange chomh gar sin do réimsí caorach eile agus do bhealaí móra idir Portland agus New South Wales. Bhí óstán ann, gabha, siopa beag, roinnt gnólachtaí eile agus roinnt bothán. Thagadh na grásaeirí le chéile ann agus bhíodh rásaí capall ar siúl ar réileán Grange Burn. D'oscail oifig an phoist ann ar 1 Iúil 1844 faoi ainm The Grange agus tugadh Hamilton Post Office air ar 1 Eanáir 1854.[3]

Bhí gá le scoil agus tosaíodh ag déanamh suirbhé dá bharr sa bhliain 1849. Fógraíodh bunú Hamilton sa bhliain 1851. Tháinig Henry Wade ó Shydney chun suirbhéireacht a dhéanamh sa cheantar go léir, agus eisean a leag amach an baile mór, áit a d'ainmnigh sé as muintir Hamilton, cairde leis, ag Bringalbert.[4]

Shroich an bóthar iarainn Hamilton sa bhliain 1877, agus tógadh stáisiún, áit a bhí ina nasc ag a lán craobhlínte ina dhiaidh sin.[5]

Meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuachtán[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Hamilton Spectator, nuachtán a fhoilsítear trí huaire sa tseachtain, ar fáil ar fud an cheantair. An Spectator Observer, grúpa nuachta, a chuireann amach é. Bunaíodh é sa bhliain 1859 mar an Hamilton Observer agus tugadh an Hamilton Spectator and Grange District Advertiser air sa bhliain 1860. Ina dhiaidh sin tugadh The Hamilton Spectator air.

Raidió[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá stáisiún raidió áitiúla ar fáil in Hamilton, 3HA Curtha i gcartlann 2008-05-25 ar an Wayback Machine agus Mixx FM Curtha i gcartlann 2008-05-25 ar an Wayback Machine.

Is le Ace Radio, gréasán a bhfuil stáisiúin eile aige in Iarthar Victoria, an bheirt acu.

Tá stáisiúin eile le cloisteáil ann, leithéidí an ABC agus stáisiúin réigiúnacha i mbailte móra eile ar nós Warrnambool, Portland agus Ballarat.

Áiteanna agus ócáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geataí Luibhghairdíní Hamilton

Sa bhliain 1881 cuireadh William Guilfoyle, stiúrthóir Luibhghairdíní Ríoga Melbourne, ag dearadh Luibhghairdíní Hamilton. Tá speicis neamhchoitianta ann, zú beag, cruinnteach breá agus scairdeán fíorálainn.

Tá cáil ar Dhánlann Hamilton mar mhórchnuasach réigiúnach ealaíne. Tá pictiúir Astrálacha agus Eorpacha ann agus samplaí den mhaisiúlacht Shíneach, Sheapánach agus Chóiréach a mbaineann a bhformhór leis an 18ú haois nó leis an tréimhse ina dhiaidh sin. Rud suntasach eile é bailiúchán dhá phictiúr guaise is fiche ó lámh Paul Sandby (1731-1809). Is iomaí taispeántas ar siúl ann. Tá an dánlann ar oscailt ar feadh na seachtaine agus ligtear daoine isteach le tabhartas.

Bíonn Sheepvention, seó olla, ar siúl i bPáirc Thaispeántais Hamilton an chéad Luan agus Mháirt de Mhí Lúnasa agus tugann na mílte cuairt air. Bíonn Taispeántas Talmhaíochta Hamilton ann i Mí na Samhna de ghnáth.

Iarsmalann bheag agus ionad staire beo is ea The Keeping Place, áit atá á stiúradh ag grúpa Bundúchasach.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hamilton – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 44.0 44.5 39.6 33.7 27.0 22.0 18.7 22.6 28.0 34.0 37.0 43.3 44.5
Meán-uasteocht an lae (°C) 26.3 26.7 24.2 19.9 15.7 12.9 12.1 13.3 15.1 17.6 20.8 23.8 19.0
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 10.9 11.1 10.1 8.3 6.5 5.0 4.3 4.8 5.8 6.5 8.1 9.4 7.6
Teocht is ísle (°C) 1.5 2.1 1.5 -0.5 −1.5 −3.8 −2.8 −3.6 −3.5 -0.7 -0.1 0.1 −3.8
Meán-bháisteach (mm) 32.3 24.2 33.6 38.5 48.6 65.4 66.8 79.4 70.3 56.9 49.7 47.1 616.7
Foinse: Bureau of Meteorology[6] Eanáir 2011

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cannon, Michael, Life in the Country (Australia in the Victorian Age). Viking 1991. ISBN 0-670-90054-0
  • Clark, Ian, Scars in the Landscape: A Register of Massacre Sites in Western Victoria, 1803-1859. Canberra: AIATSIS 1995.
  • Kiernan, Ben. Blood and Soil: a world history of extermination and genocide from Sparta to Darfur. Yale University Press 2007. ISBN 978-0-300-10098-3
  1. Ben Kiernan, Blood and Soil, lch 300.
  2. Michael Cannon,Life in the Country,1978 lch 76.
  3. Premier Post History: Post Office List: https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocd.w?
  4. Dundas Shire Centenary 1863-1963, lch 58: "In 1840, owing to police difficulties in controlling public houses on, or not on the imaginary boundary line, Henry Wade was sent from Sydney on a special mission to mark out the boundary. He completed the survey as far as Serviceton by the spring of 1847, and was then appointed District Surveyor and in 1850, laid out a township for the Grange, which he named Hamilton. It was then the prerogative of the surveyor to christen his lay-out. Wade and his family had made close friends of the Hamiltons and Gibsons of Bringalbert, there being intermarriages later".
  5. Jungwirth, Alan agus Lambert, Keith (1996). Weekly notice extracts 1894-1994, lch 150, Weekly Notice Productions. ISBN 0-646-30010-5
  6. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Aerfort Hamilton ", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]