Don Juan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Don Juan le Molière (1682)

Is éard atá i gceist le Don Juan (Iodáilis: Don Giovanni) ná carachtar an bhanaí i saothair áirithe de chuid na litríochta Spáinnise.

Ba é an drámadóir Spáinneach Tirso de Molina ba thúisce a d'inis scéal Don Juan sa dráma úd El burlador de Sevilla ("An Banaí i Sevilla"). Níos déanaí, tharraing a lán scríbhneoirí eile sa Spáinn agus i dtíortha eile ar mhianach an scéil. Samplaí iad José de Espronceda, a bhreac síos an dán úd Estudiante de Salamanca ("An Mac Léinn ó Salamanca") sa bhliain 1840, agus José Zorrilla, ar tháinig a dhráma Don Juan Tenorio amach cúpla bliain i ndiaidh dhán Espronceda.

Thairis sin, scríobh Byron agus Molière saothair faoi Don Juan. Tá Don Giovanni, an ceoldráma le Mozart, bunaithe ar an téama céanna freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]