Johann Kaspar Zeuss

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohann Kaspar Zeuss

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Johann Kaspar Zeuß
Beathaisnéis
Breith22 Iúil 1806
Kronach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Samhain 1856
50 bliana d'aois
Kronach Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAn Bhaváir Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLéann Ceilteach, stair agus teangacha Ceilteacha
Gairmteangeolaí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, múinteoir meánscoile, staraí, focleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnHermann Wilhelm Ebel
TeangachaAn Ghearmáinis

Ba staraí Gearmánach agus bhunaitheoir fhocleolaíocht na dteangacha Ceilteacha é Johann Kaspar Zeuss (litrithe mar Zeuß i nGearmáinis) (22 Iúil 180610 Samhain 1856).[1]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Zeuss in Vogtendorf (ceantar de Kronach inniu), Uachtar Franconia (Gearmáinis: Oberfranken) agus d’fhreastail sé ar scoil ag gymnasium Bhamberg. Bhí a thuismitheoirí ag dúil go rachadh sé le sagartóireacht, ach roghnaigh seisean saol an léinn, óir bhí luí ar leith aige le stair agus teangeolaíocht go háirithe. D’fhreastail sé ar Ollscoil Mhünchen agus tar éis dó a chuid léinn a chríochnú, mhúin sé ansin ag an ngymnasium. D’fhoilsigh sé a leabhar Die Herkunft der Baiern von den Markomannen (dara heag., 1857) sa bhliain 1837. Bhronn Ollscoil Erlangen dochtúireacht oinigh air de thairbhe an tsaothair sin. Ba sa bhliain chéanna a chuaigh sé go Speyer le stair a mhúineadh ag an lyzeum ansin. D’fhan sé ansin go dtí an bhliain 1847, nuair a rinneadh ollamh le stair de in Ollscoil Mhünchen. Ach d’éirigh sé as an bpost seo de bharr a chuid drochshláinte agus aistríodh go dtí an lyzeum i mBamberg é. Tháinig an saothar ollmhór dá chuid Grammatica Celtica amach in 1853, leabhar a tharraing clú agus cáil air. Scríobh sé an leabhar i Laidin i gcruth is go bhfeilfeadh sé do lucht léitheoireachta idirnáisiúnta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thóg sé am scoir ionas go bhfaigheadh sé biseach, ach cailleadh é an bhliain ina dhiaidh sin in Kronach. Le hurraim dó, ainmníodh sráid, scairdeán agus meánscoil (darb ainm Kaspar-Zeuß-Gymnasium) in Kronach as. Chomh maith leis sin, baisteadh sráid i mBamberg agus i Speyer as.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh de Zeuss in Kronach

Bhí léann trom ar an scoláire seo – mar go raibh Zeuss in inmhe a chuid eolais mar gheall ar fhocleolaíocht a chur le heolas na staire agus na heitneolaíochta. De thoradh a chuid staidéar Gearmáinice, bhí sé eolach ar thábhacht na dteangacha Ceilteacha agus chuaigh sé i mbun oibre ar na teangacha seo nach raibh mórán airde tugtha orthu ag lucht an léinn go dtí sin. Thaistil sé sa bhaile agus i gcéin chun na foinsí a bhreathnú – go háirithe na foinsí a bhain leis an tSean-Ghaeilge – go dtí Karlsruhe, Würzburg, St. Gallen, Miolán, Londain agus Áth na nDamh. Thóg sé sleachta as na foinsí seo nó rinne sé cóipeanna díobh. Chuir sé na teangacha ársa agus na nuatheangacha san áireamh ina chuid taighde. Dhearbhaigh Grammatica Celtica gan aon agó go bhfuil na teangacha Ceilteacha mar chraobh d’fhine na dteangacha Ind-Eorpacha. Lena chois sin, leag an saothar seo bun láidir eolaíochta le focleolaíocht Cheilteach. Tar éis don údar bás a fháil, rinne Hermann Ebel atheagrán den leabhar le ceartúcháin (Beirlín, 1871). Scríobh Zeuss Traditiones possessionesque Wirzenburgenses (1842) agus Die Freie Reichstadt Speyer vor ihrer Zerstörung freisin.

Cuimhneachán a bhreithe agus a bháis sa bhliain 2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díoladh stampaí in Éirinn mar chuimhneachán air sa bhliain 2006, dhá chéad bliain ónar saolaíodh é agus céad bliain go leith ónar cailleadh é. I Mí an Mheithimh sa bhliain chéanna, chuir cathair Kronach agus Ollscoil Bhamberg siompóisiam idirnáisiúnta ar bun

A chuid saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Die Deutschen und die Nachbarstämme, München 1837 (Google Books)
  • Die Herkunft der Baiern von den Markomannen gegen die bisherigen Muthmassungen bewiesen, München 1839
  • Traditiones possessionesque Wizenburgenses, Speyer 1842
  • Die freie Reichsstadt Speier vor ihrer Zerstörung nach urkundlichen Quellen örtlich geschildert, Speyer 1843
  • Grammatica Celtica e monumentis vetustis tam Hibernicae linguae quam Britannicae dialecti cambricae cornicae armoricae nec non e gallicae priscae reliquiis construxit J. C. Zeuss, Lipsiae (Leipzig) 1853

Pictiúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]