Lucky Luciano

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLucky Luciano

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Salvatore Lucania
24 Samhain 1897
Lercara Friddi (Ríocht na hIodáile)
Bás26 Eanáir 1963
65 bliana d'aois
Napoli (an Iodáil)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaSt. John Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Gairmgangstaer, smuglálaí rum, tiarna drugaí, cambheartaí, ceannaire ar dhrong coirpeach, siorc iasachtaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis agus Béarla
Eile
PáirtíIgea Lissoni Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iprocuring (en) Aistrigh
forced prostitution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0524592 Find a Grave: 651 Cuir in eagar ar Wikidata

Coirpeach agus drongadóir mícháiliúil Meiriceánach de phór na Sicile a bhí i Charles "Lucky" Luciano (fíorainm: Salvatore Lucania). Rugadh ar an 24 Samhain 1897 i Lercara Friddi sa tSicil é, agus fuair sé bás le taom croí in aerfort Napoli ar an 26 Eanáir 1962. Bhí sé ar na fir mhóra i stair choiriúil na Stát Aontaithe, agus an-ról aige i bhforbairt na coirpeachta eagraithe sna Stáit. In éineacht lena chomhchoirí Meyer Lansky, ceann feadhna na gcoirpeach Giúdach, bhunaigh Luciano "Sindeacáit Náisiúnta na Coirpeachta", cineál foras comhoibrithe a bhí dírithe ar na dronga coiriúla éagsúla a thabhairt in araicis a chéile agus maolú ar na coimhlintí eatarthu.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh muintir Lucky Luciano ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe nuair a bhí an buachaill timpeall ar dheich mbliana d'aois. Nuair a tháinig sé i mbun a mhéide, chuaigh sé le smuigléireacht alcóil, mar bhí lánchosc ar bhiotáille i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe san am.

Timpeall ar an mbliain 1925, bhí clú agus cáil bainte amach i saol na coiriúlachta. Ag druidim chun deiridh do na fichidí, thosaigh Luciano agus drongadóirí óga eile ag éirí mífhoighneach faoi na Mustache Petes - sin é an t-ainm a bhí acu ar shean-ghlúin na ndrongadóirí a bhí ag iarraidh stíl dhúchasach na Sicile a chosaint agus comhoibriú a sheachaint le drongadóirí ó dhreamanna eitneacha eile. Chuaigh na "Turcaigh Óga" seo i gcomhghuaillíocht le chéile ar chúla téarmaí agus shocraigh siad na Mustache Petes a chur i leataobh nuair a gheobhaidís an seans.

Lucky[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Luciano a leasainm, Lucky, Fear an Dearg-Áidh, sa bhliain 1929, nuair a tháinig sé slán as an iarracht a rinneadh le hé a dhúnmharú. Ba iad lucht leanúna an drongcheannasaí Salvatore Maranzano a rinne an t-ionsaí seo, mar faoin am seo, bhí Luciano ag obair do Giuseppe Masseria, agus cogadh á chur ag Masseria agus Maranzano ar a chéile faoi na bráití coiriúla. Chuaigh an cogadh idir an dá cheann feadhna chun géire ina dhiaidh sin - Cogadh na gCastellammarese a thugtaí air, ós rud é gurbh as Castellammare di Golfo sa tSicil do Maranzano.

Scannán (2017)
Giuseppe „Joe“ Masseria, 1922

Chuidigh Lucky le Maranzano an bua a bhreith, mar shocraigh sé leis go bhféachfadh sé chuige go marófaí Masseria. Ina dhiaidh sin, bhí Lucky le dul i gceannas ar dhrong Masseria, agus ansin, d'fhéadfaí an dá dhrong a chumasc. Bheadh Maranzano i gceannas ar an iomlán, agus Lucky ina thánaiste aige. Sin é an rud a rinneadh freisin, ach ina dhiaidh sin, mharaigh Lucky agus na "Turcaigh Óga" eile Maranzano.

Anois, bhí Luciano i gceannas ar shaol coiriúil na Stát Aontaithe go léir, in éineacht lena chara Meyer Lansky. Bhí lámh ag Luciano i ngach áit agus cara i ngach cúirt: cearrbhachas, geallghlacadóireacht, iasachtaí gaimbín, díoltóireacht drugaí, dúmhál, bain do rogha astu. Thairis sin, bhí tionchar aige ar na ceardchumainn fosta.

Bhí Luciano buartha faoi na cogaí idir na dronga éagsúla, agus theastaigh uaidh comhoibriú a spreagadh in áit na cogaíochta. Mar sin, bhunaigh sé an Coiste, nó cineál "cúirt uachtarach" do na dronga éagsúla, a réiteodh na heasaontais.

Ní raibh fad saoil i ndán do ríocht Luciano, áfach. Chrom an tIonchúisitheoir Speisialta ar an dlí a chur ar Luciano, agus sa bhliain 1936, caitheadh i dtóin phríosúin é. Bhí sé in ann, áfach, a dhrong a stiúradh ón bpríosún agus saol compordach a shocrú dó féin istigh ansin.

Le teacht an Dara Cogadh Domhanda, theastaigh cabhair Luciano ó údaráis na Stát Aontaithe le haghaidh na cogaíochta. Cheadaigh siad dó a shindeacáit choiriúil a stiúradh ón bpríosún, ar acht is go gcoinneodh sé na ceardchumainn faoi smacht sna cuanta agus go gcinnteodh sé go mbeadh an Maifia áitiúil ag comhoibriú leis na Meiriceánaigh nuair a rachaidís i dtír san Iodáil.

Díbirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach Lucky Luciano, Cuba.

I ndiaidh an chogaidh, thug na húdaráis Mheiriceánacha cead a chos do Luciano, ar acht is go dtréigfeadh sé an tír agus go bhfillfeadh sé go dtí an Iodáil. Ghoill an díbirt seo go mór ar Luciano, nó bhí sé féin den bharúil gurbh iad na Stáit Aontaithe a thír dhúchais. Sa deireadh, chuaigh sé ar chúla téarmaí go Cúba, áit ar thosaigh sé ag tógáil impireachta nua le caoinchead an Uachtaráin Fulgencio Batista. Bhí sraith clubanna cearrbhachais (casinonna) aige i Havana, agus nuair a thosaigh an turasóireacht go Cúba ag dul i méadaíocht, bhí Luciano agus Meyer Lansky ag saothrú go flúirseach ar na hóstáin.

Óstán Excelsior, An Róimh 1948

D'fháiltigh Luciano maithe agus móruaisle an Mhaifia chuige go Havana le dul i ndáil chomhairle faoi chúrsaí tábhachtacha: smuigleáil na hearóine, gnó an chearrbhachais i gCúba, agus Bugsy Siegel, boc mór Maifia nach bhfuair cuireadh chuig an gcruinniú mullaigh seo, agus é ag reáchtáil clubanna cearrbhachais ar airgead a fuair sé ar iasacht ó mhafiosi eile. Bhí Siegel ag déanamh praiseach dá chuid gnóthaí agus ag caitheamh airgead an Mhaifia le haer an tsaoil, agus an chuma ag teacht ar na cúrsaí go gcaithfeadh sé imeacht - agus go gcaithfeadh sé imeacht ar shlí na fírinne.

Meyer Lansky, 1958

Ní raibh Meyer Lansky sásta Siegel a dhaoradh chun báis, ó tháinig Siegel chun tarrthála do Lansky féin na blianta fada roimhe sin. Bhí Luciano sásta spás éigin a thabhairt do Siegel, ach nuair nach raibh cuma ná caoi cheart ag teacht ar a chuid gnóthaí sách luath, mharaigh an Maifia é i Mí an Mheithimh 1947.

Ní bhfuair na póilíní amach cé a mharaigh Siegel, ach i ndiaidh an dúnmharaithe seo tháinig sé chun solais go raibh Luciano ag cur faoi i gCúba. Nuair a thosaigh na Meiriceánaigh ag cur brú ar rialtas Chúba, b'éigean dó filleadh ar an tSicil, áit ar chaith sé a raibh fágtha dá shaol.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]