Keep Ireland Open

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaKeep Ireland Open
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1994
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinkeepirelandopen.org Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht dheonach in Éirinn is ea Keep Ireland Open. Tá feachtas ar siúl aici ag lorg rochtain níos fearr ar an tuath in Éirinn. Sa bhliain 1994 a bunaíodh an eagraíocht. Is é Roger Garland, iar-Theachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, an cathaoirleach reatha.

Aidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhaith léi bealaí achtaithe dlithiúla a bheith ann, le comharthaí soiléire orthu, go mór mhór ar thalamh íseal chomh maith le cead siúil ar thailte airde agus in áiteanna iargúlta. Tá feachtas ar siúl i gcoinne fál sreinge dealgach freisin.

Dar léi, tá muintir na tíre "go tapa ag cailliúint pé cearta neamhfhoirmiúla a bhí againn rochtain ar ár dtuath féin. Níl sé seo chomh soiléir i gCill Mhantáin ná in oirthear na tíre i gcoitinne. Agus mar a tharlaíonn is iad seo na ceantair ina bhfuil an líon is mó siúlóirí agus ina bhféadfadh cúis dlisteanach gearáin a bheith ag úinéirí talún. Is san iarthar atá na fadhbanna is mó, ceantar ina bhfuil an líon is lú siúlóirí. Is sa cheantar seo freisin is mó a d'fhéadfaí siúl na gcnoc agus caithimh aimsire eile amuigh faoin aer a fhorbairt do thurasóirí. "[1]

Grúpaí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na ngrúpaí atá bainteach léi tá An Óige, Cumann Clubanna Marcaíochta na hÉireann, Gasóga Caitliceacha na hÉireann, Cónaidhm Cumainn Staire Áitiúla, Cumann Gasóga na hÉireann, Aontas Uaimheolaíochta na hÉireann, Cumann na bhFeirmeoirí Aontaithe, Cumann Faoileoireachta Crochta agus Parafaoileoireacht na hÉireannn, Club Fánaithe na hÉireann, Nasc Tuaithe na hÉireann agus Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-20. Dáta rochtana: 2009-10-29.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]