Mainistir Thigh Molaige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Thigh Molaige
Íomhá
Sonraí
CineálMainistir agus fothrach mainistreach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinTigh Molaige, Éire
Map
 51°38′35″N 8°45′48″W / 51.6431°N 8.7633°W / 51.6431; -8.7633
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir21
Leac thuama Eoin Mhic Aodhagáin, sa mhainistir. "Eoin Mac Aodhagáin, Easpa Tofa Rois, a fuair goin a bháis ó naimhde a chreidimh agus a thíre cois abha na Bandann, 5-1-1603" atá greanta uirthi.

Mainistir Phroinsiasach i dTigh Molaige, Co. Chorcaí is ea Mainistir Thigh Molaige. Timpeall na bliana 1300 a bunaíodh í ar shuíomh mhainistir ársa Molaige Naofa. Muintir de Bharra agus Mhic Cárthaigh atá curtha sa mhainistir a mhaoinigh a tógáil. Sa bhliain 1480 scríobhadh sa mhainistir Leabhar Mhic Cárthaigh Riabaigh nó Leabhar Leasa Móire mar a thugtar air. Rinneadh Easpag an Rosa d'Easpag an Chlochair, Edmund de Courcey O.F.M., sa bhliain 1495 agus chuir sé faoi sa mhainistir; is eisean a thóg an túr, an suanlios, an otharlann agus an leabharlann.

Nuair a tugadh Cath Chionn tSáile sa bhliain 1601 bhí an mhainistir faoi bhagairt ag an dá thaobh a bhí in adharca a chéile óir sheas cuid de mhuintir de Barra agus Mhic Cárthaigh le héirí amach Aodh Uí Néill ach ghabh cuid acu i bpáirt le hEilís I Shasana.

Adhlacadh Eoghan Mac Aodhagáin (Eoin MacEgan sa Bhéarla), Easpag tofa an Rosa, sa mhainistir sa bhliain 1603. Maraíodh é ag troid i gcoinne fhorsaí Bhanríon Shasana.

Cuireadh le traidisiún léinn na mainistreach nuair a bunaíodh an Scoil Fealsúnachta (1620) agus nuair a tháinig Micheál Ó Cléirigh, duine de na Ceithre Máistrí, chun cóipeáil as Leabhar Leasa Móire. Mhéadaigh ar ghradam na mainistreach nuair a cuireadh Cailís Thigh Molaige á déanamh i Londain. Cailleadh an chailís sin ach thángthas uirthi arís ar Oileán Chléire sna 1850idí.

Dhóigh saighdiúirí Chromail an mhainistir sa bhliain 1642. Tá sí ina fothrach ó shin ach tá an chuid is mó dá struchtúr fós ina sheasamh.

Sa bhliain 1813 chum Seán Ó Coileáin Machnamh an Duine Dhoilíosaigh (Caoineadh Thigh Molaige), dán ina gcaointear toghail na mainistreach.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Comhartha eolais de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí atá lasmuigh den mhainistir.