Pádraic Breathnach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Iúil 1942 81 bliana d'aois Maigh Cuilinn, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Éireannach, gearrscéalaí agus aistritheoir is ea Pádraic Breathnach.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Breathnach i gCoill Bruachlán, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1942.[1] Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, Gaillimh agus i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. D'éirigh leis sé céim sa Ghaeilge agus sa Stair agus MA sa Ghaeilge agus Ard-Teastas san Oideachas a bhaint amch. Chaith sé seal mar oide scoile. Sa bhliain 1969 ghlac sé post mar Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Sa bhliain 1992, bhronn an Foras Gael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air.
Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'aistrigh Gabriel Rosenstock cuid dá ghearrscéalta go Béarla (The March hare and other stories, Cló Iar-Chonnachta, 1994). Aistríodh ceithre dá shaothair ghearrscéaltaíochta go Béarla sa leabhar Fourfront (Cló Iar-Chonnachta, 1998) agus tá saothair leis aistrithe go hAlbáinis, Rómáinis, Cróitis, Polainnis freisin.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ingne Dearga Dheaideo (Cló Iar-Chonnachta, 2005)
- An Pincín agus scéalta eile (Cló Iar-Chonnachta, 1996)
- Íosla agus scéalta eile (Clódhanna, 1992)
- Taomanna (Cló Iar-Chonnachta, 1990)
- Ar na tamhnacha (Clódhanna Teo., 1988)
- Lilí agus fraoch (Clódhanna Teo., 1983)
- Na déithe luachmhara deiridh (Clódhanna Teo., 1980)
- An lánúin agus scéalta eile (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1979)
- Buicéad poitín agus scéalta eile (Clódhanna Teo., 1978)
- Bean aonair agus scéalta eile (Clódhanna Teo., 1974 athchló 1984)
Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- As na Cúlacha (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1998)
- Gróga cloch (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1990)
Eagarthóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Bróga páipéir agus stocaí bainne ramhair (Cló Iar-Chonnachta, 2007)
Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- The March Hare and other stories (Cló Iar-Chonnachta, 1994) le Gabriel Rosenstock
Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Maigh Cuilinn: a tásc is a tuairisc (Cló Chonamara, 1986)
- Nótaí ar 'Dúil', le Liam Ó Flaithearta (Mercier, 1970)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-19. Dáta rochtana: 2009-07-25.