Anna Politkovskaya

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnna Politkovskaya

(2005) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(uk) Ганна Степанівна Політковська
(ru) Анна Степановна Политковская
Beathaisnéis
Breith(uk) Ганна Степанівна Мазепа
30 Lúnasa 1958
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Deireadh Fómhair 2006
48 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú
Áit adhlacthaTroyekurovskoye cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Urlabhraí Novaya Gazeta (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMSU Faculty of Journalism (en) Aistrigh (–1980) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreScience of journalism (en) Aistrigh
Gairmiriseoir, gníomhaí síochána, file, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1982 –  2006
FostóirNovaya Gazeta (en) Aistrigh (1999–)
Obshchaya Gazeta (en) Aistrigh (1994–1999)
Izvestia (en) Aistrigh (1982–1993)
Megapolis-Express (en) Aistrigh (–1994) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Rúisis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachHouse of Mazepa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAleksandr Politkovsky Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteVera Politkovskaja Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1551322 Find a Grave: 16123232 Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir agus scríbhneoir a bhí in Anna Stepanovna Politkovskaya, née Mazeppa (Rúisise: А́нна Степа́новна Политко́вская). Chaith sí dúthracht a saoil le cearta an duine agus saoirse an phreasa a chur chun cinn sa Rúis, agus sa deireadh fuair sí bás ar a son. Is é an tuiscint a bhí aici ar chogadh na Seisnia ná gur cinedhíothú glan ar na Seisnigh a bhí ann, agus í ag cur in aghaidh an chogaidh.

Ar an 7 Deireadh Fómhair 2006, lámhachadh í nuair a bhí sí ag dul isteach san ardaitheoir sa bhloc árasán ina raibh ina cónaí. Bhí Politkovskaya go tréan in aghaidh an uachtaráin Vladimir Putin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anna Politkovskaja, 2005

Rugadh Anna Mazeppa i Nua-Eabhrac sa bhliain 1958. Úcránaigh ab ea a tuismitheoirí, agus iad ag obair ina dtaidhleoirí sna Náisiúin Aontaithe. Tháinig Anna i gcrann i Moscó, agus sa bhliain 1980 bhain sí amach céim ollscoile ó roinn na hiriseoireachta in Ollscoil Stáit Mhoscó (Moskovskiy Gosudarstvennyi Universitet, MGU).

Phós sí comh-mhac léinn ansin, Aleksandr Politkovskiy, agus saolaíodh beirt chlainne dóibh, mar atá, an iníon Vera agus an mac Ilya.

Chaith sí na blianta 1982-1993 ag obair don nuachtán Izvestiya, agus ina dhiaidh sin don Obshchaya Gazeta. Dhírigh sí ar na fadhbanna sóisialta sa Rúis, go háirithe ar chruachás na dteifeach.

Sa bhliain 1999, thosaigh Politkovskaya ag scríobh don Novaya Gazeta, nuachtán a raibh clú na hiriseoireachta iniúchtaí air.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]