Podchraolachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Podchraolachán

Cineáltype of mass media (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Formáidíoslódáil digiteach agus meáin sruthaithe

Is éard is podchraolachán ann ná modh oibre le comhaid dhigiteacha mheán - comhaid fhuaime agus físchomhaid - a scaipeadh ar an Idirlíon trí fhothaí sindeacáitithe le hiad a sheinm ar sheinnteoirí iniompartha meán nó ar ríomhairí pearsanta. D'fhéadfá a rá gur saghas cláracha raidió atá i gceist ach amháin gur tríd an Idirlíon a dháiltear iad, agus gur féidir éisteacht leo ag pé am is rogha leat.

Sa Ghaeilge, is fearr podchraoladh a thabhairt ar an gcomhad nó ar an ábhar atá sa chomhad, agus podchraolachánpodchraoltóireacht ar an modh oibre, ach úsáideann an Béarla an téarma podcast sa dá chiall. An duine a bhíonn ag taifeadadh ábhair i bhfoirm podchraolta agus ag scaipeadh comhad podchraolta, is féidir podchraoltóir a thabhairt air.

An téarma Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é Conn Ó Muineacháin, iriseoir agus blagadóir, a chum an téarma Gaeilge, agus b'eisean fosta a chuir tús leis an bpodchraoltóireacht Gaeilge ina bhlag, An tImeall. Maidir leis an mbuntéarma Béarla, podcast, is comhthruailliú é as an dá fhocal úd iPod agus broadcast.

An téarma Béarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an t-iriseoir Ben Hammersley a chruthaigh an focal Béarla in alt a scríobh sé don nuachtán úd The Guardian ar an 12 Feabhra, 2004. B'é Apple iPod an chéad seinnteoir iniompartha ar forbraíodh bogearra (ríomhchlár) podchraoltóireachta lena aghaidh. Ceadaíonn na scripteanna podchraolacháin na comhaid phodchraolta a aistriú go huathoibríoch a fhad leis an ngléas iniompartha i ndiaidh iad a lódáil anuas (a íoslódáil) ón Idirlíon.

Modh oibre an phodchraolacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a chuireann leathanaigh ghréasáin na bpodchraoltóirí an t-ábhar céanna ar fáil i bhfoirm íoslódála dírí agus beoshrutha. Is é an difríocht is tábhachtaí idir iad siúd agus an t-ábhar podchraolta ná gur féidir an podchraoladh a shindeacáitiú, síntiús a shocrú leis, agus é a lódáil anuas go huathoibríoch nuair a chuirfear ábhar nua ar fáil. Le sin a dhéanamh, ní mór gléas léite fothaí a bheith suiteáilte ar do ríomhaire, agus é in ann fothaí a léamh sna formáidí RSS (Really Simple Syndication - Sindeacáitiú Fíorshimplí) nó Atom.

Nuair a bhítear ag scaipeadh comhaid phodchraolta, is é an rud atá ar siúl ná go n-aistrítear comhaid mheáin - comhaid físe nó fuaime le haghaidh ríomhaire - ón bhfreastalaí chuig an ríomhaire cliaint. Lódálann an ríomhaire cliaint anuas comhaid XML arb iad seoltaí Idirlín na gcomhad meán atá iontu. De ghnáth, is é an cineál ábhar atá sna comhaid mheán ná fuaim nó fís, ach is féidir íomhánna, téacs, comhaid PDF nó do rogha cineál comhad eile a bheith ann chomh maith.

Ar dtús, cruthaíonn an podchraoltóir - nó an té a sholáthraíonn ábhar don phodchraoltóir - cruthaíonn sé comhad, ar nós comhad fuaime i bhformáid MP3, mar shampla. Ansin, cuirtear an comhad seo ar fáil ar an Idirlíon faoi sheoladh Idirlín, is é sin, faoi aitheantóir aonfhoirmeach acmhainne. De ghnáth, cuirtear an comhad ar an bhfreastalaí gréasáin, ach is féidir úsáid a bhaint as rianairí BitTorrent chomh maith. Is féidir na comhaid a chur ar fáil don tsaol mhór nó an rochtain a theorannú do dhream ar leith.

Ansin, tugann an podchraoltóir le fios do na síntiúsóirí go bhfuil ábhar nua ann. Le sin a dhéanamh, caithfidh sé tagairt a dhéanamh don phodchraolachán i gcomhad de chineál eile, comhad a dtugtar fotha air. Is éard is fotha ann ná liosta de na haitheantóirí aonfhoirmeacha acmhainne (na seoltaí gréasáin) ar féidir an podchraoladh a rochtain tríothu. Is gnách an liosta seo a fhoilsiú i bhformáid RSS, cé gur féidir an fhormáid úd Atom a úsáid chomh maith. Tugann an RSS eolas breise i dtaobh an phodchraolta, ar nós lá a fhoilsithe, teideal an chláir agus cur síos ar an tsraith phodchraolta agus ar a cuid eipeasóidí, cuir i gcás. Is féidir liosta iomlán na n-eipeasóidí a chur in aon fhotha RSS amháin, ach bíonn sé níos coitianta liosta gearr de na heipeasóidí is deireanaí a dhéanamh de, mar shampla nuair atá fotha nuachta ann. Go ginearálta, ní bhíonn ach ábhar ó aon duine amháin in aon phodchraoladh amháin, ach le déanaí, tá sé ag éirí níos coitianta go dtéann dornán daoine le chéile le "comh-phodchraoladh" nó "podchraoladh sóisialta" a léiriú.

Cuireann soláthraí an ábhair an fotha ar fhreastalaí gréasáin, agus glactar leis go bhfanfaidh sé ansin. Is é sin seoladh gréasáin an fhotha (aitheantóir nó aimsitheoir aonfhoirmeach na hacmhainne). Tugann an soláthraí le fios don lucht éisteachta go bhfuil a leithéid d'fhotha ann.

An gléas léite podchraolacháin a choinníonn súil ar phodchraoladh ar leith, is ríomhchlár é a bhíonn á reáchtáil sa chúlra a fhad is a bhíonn an ríomhaire féin ag obair. Seiceálann sé an fotha go tráthrialta. Má thagann athrú ar shonraí an fhotha ó seiceáladh an turas deireanach iad, aithneoidh an gléas léite seoladh gréasáin na míre is úire, agus tosóidh sé á lódáil anuas ón ngréasán go huathoibríoch. Ansin, is féidir an eipeasóid nua a sheinm, a athsheinm agus a chur i dtaisce, cosúil le gach cineál comhad ríomhaire. Tá feidhmchláir ann a aistríonn an t-ábhar íoslódáilte go díreach chuig seinnteoir iniompartha meán an úsáideora, agus é ceangailte den ríomhaire le sreang USB, mar shampla.

Is é an cineál teicneolaíocht atá i gceist leis an bpodchraolachán ná "teicneolaíocht an bhrú". Is é sin, is é soláthraí na faisnéise, an podchraoltóir féin, a roghnaíonn na comhaid le haghaidh an fhotha, agus an síntiúsóir ag baint a rogha as na cainéil fotha atá ar fáil. Cé nach mbíonn an t-úsáideoir ag "tarraingt" na gcomhad aonair anuas ón ngréasán, tá blas áirithe de "theicneolaíocht na tarraingthe" ann freisin, nó tá an t-úsáideoir i dteideal síntiús a shocrú leis an iliomad cainéal, nó éirí as a sheansíntiús. Na seirbhísí "brú" a bhí ann ar an Idirlíon roimh lá an phodchraolacháin, cosúil le PointCast, níor cheadaigh siad rochtain chomh forleathan ar ábhar chomh hilghnéitheach.

As Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craoladh in 2020 aistriúchán Gaeilge de The Nobody Zone ar Spotify, podchraoladh faoi choirscéal fírinneach a rinne RTÉ i gcomhar leis an chomhlacht Third Ear sa Danmhairg.[1]

Sa bhliain 2023, bhí an chéad phodchraoladh Gaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ar fáil ar Spotify, "Marú inár Measc".[1]

Naisc phodchraolacháin trí mheán na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Méabh Ní Thuathaláin (16 Márta 2023). "An chéad phodchraoladh a rinneadh i nGaeilge faoi choirscéalta fírinneacha ag teacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.