Óengus Tuirmech Temrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÓengus Tuirmech Temrach
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairEochaid Ailtleathan Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíÉnna Aignech Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí seanscéalach na hÉireann ab ea Aonghas Tuirmeach Teamhrach (Sean-Ghaeilge Óengus Tuirmech[1] Temrach) mac Eochaid Ailtlethan.

Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ardrí agus marfóir a athar, Fergus Fortamail, a mharú. Bhí sé i réim ar feadh tríocha nó seasca bliain. Fuair sé bás ag Teamhair, agus tháinig a nia Conall Collamrach i gcomharbacht air.

Sliocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc a mhac bhí Énna Aignech agus Fiacha Fear Mara.

in am agus i dtráth, tháinig Énna i gcoróin mar Ardrí. Ba shinsear é de Chonn Céadchathach agus dá bharr d'Ardríthe na gConnachta agus na clainne Uí Néill.[2]

Deirtear go raibh Fiacha ag Aonghas lena iníon féin agus é ar meisce. Tar éis a bhreithe, cur sé i mbád é, clúdaithe i bhfallaing chorcra le himeall óir, in éineacht le ciste, agus chuir ar seol é – dá bharr a bhua-ainm fear mara. D'aimsigh agus thóg fir iascaireachta é. Ba shinsear é de roinnt Ard-Ríthe na hÉireann, d'Ailill Érann agus Clanna Dedad, agus in an trátha, den Dál Riata, ríthe na hAlban.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, ciallaíonn a bhua-ainm "áiritheoir na Teamhrach", toisc gurbh é a rinne an chéad áireamh in Éirinn (Turbech imorro, is leis dorindead “turbeach” in Érinn riam; is dé fa “hAengus Turmeach” he.)[3] Deir Seathrún Céitinn ámh gur Tuirbeach,[4] náire, é a bhua-ainm, toisc gur gabhadh Fiacha trí chiorrú coil.[5]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tuirmech ar eDIL
  2. Le fírinne, is doiléir é sliocht na gConnachta roimh Thuathal Teachtmhar, maraon le Clanna Dedad roimh Dedu mac Sin. Más fíor gur chomhshinsear é Aonghas Toirmheach Teamhrach, bheadh na Chonnachta ina craobh luath na n-Érainn.
  3. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 283-287
  4. ? tuirbeach ar eDIL.
  5. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.30
  6. Annála na gCeithre Máistrí, M4815-4875


Réamhtheachtaí
Fergus Fortamail
Ardrí na hÉireann
LGÉ 2a haois RC
FFÉ 262–232 RC
ACM 385–326 RC
Comharba
Conall Collamrach