Broidtráth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Broidtráth i dTóiceo.

Is é broidtráth an tréimhse i rith an lae nuair a bhíonn an líon is mó daoine ag taisteal. De ghnáth ciallaíonn sé nuair atá dúrud daoine ag taisteal ar traein nó nuair atá líon mór gluaisteán ar na bóithre.

Tarlaíonn an tréimhse seo de ghnáth nuair a bhíonn formhór na ndaoine ag taisteal chun oibre, idir a seacht agus a naoi a chlog ar maidin agus ag filleadh abhaile dóibh idir a cúig agus a seacht a chlog um thráthnóna.

Déantar iarracht an líon is mó daoine a iompú in aon dreas amháin. Cuirtear busanna agus traenacha ar fáil níos minicí agus bíonn slí chun seasaimh sna traenacha ionas gur féidir an líon is mó daoine taisteal ar an traein. Maidir leis na daoine a thaistilíonn i ngluaisteáin, craoltar fógraí rialta i dtaca leis an trácht ar an raidió ionas gur féidir foláirimh a thabhairt do thiománaithe. Cabhraíonn na fógraí tráchta seo le tiománaithe bóithre ar a bhfuil an iomarca tráchta orthu nó le háiteanna inar tharla timpistí a sheachaint.

Má bhíonn an iomarca gluaisteán ar bhóthar nó sráid éigin, bíonn tranglam tráchta ann. Ní bhogann na gluaisteáin go tapa agus bíonn dírathú ar na tiománaithe.